Ceol Camarúnach san aer

‘Na Man Na Pass’ – Pasteur Lappé


Is tráthúil go mbeadh an chéad albam le Pasteur Lappé ó Chamarún, a eisíodh ar dtús in 1979, á chur amach faoi dheireadh ag lipéad Africa Seven.

Feictear dom go bhfuil fiabhras dioscó le brath ar urláir rince na hEorpa nach bhfacthas ó thús na 80í, agus dúil ar leith ag daoine in Afra-dioscó na sean-ré.

Tráth dá raibh, mar dhioscmharcach, bhí an baol ann go nglanfainn an t-urlár rince le port anaithnid dioscó nó dá bhfanfadh daoine ina rince ní bheadh ach geáitsíocht ar siúl acu seachas rince dáiríre.

Ní mar sin a thuilleadh, agus daoine ó Chorca Dhuibhne go Cathair na Mart ag dó an urláir le dioscó!

Is é ‘No real Sekele For Ya’ an chéad phort ar Na Man Na Pass agus an port Afra dioscó is fearr atá i mo bhailiúchán agam, is ní deirim sin gan machnamh a dhéanamh air.

An t-idirghníomhú gleoite sin idir dord-ghiotár Christophe Zadire agus troitheán wah-wah Jacob Desvarieux.

Ruathar spleodrach sintéiseora Robert Jambamains leath slí tríd.

An t-atmaisféar a chruthaíonn glór an aláraim sa chúlra.

Func misniúil na mblosc práis.

Armóiní croíúla Carol Rowley, Chantal Curtis, Maryse Cremieux agus baill eile an Zulu Gang a bhí sa stiúideo ar an lá.

An chlisteacht lena bhfuil na heilimintí ar fad sníofa le chéile ag Lappe.

Ní haon ionadh é, mar sin, nach bhfuil an chuid eile de Na Man Pass Man chomh maith le ‘Sekele’.

Conas go mbeadh?

Tá idir Afra reggae (‘Follow Me Into My Dreams’, ‘Babette D.O.)’, port func atá níos raimhre ná bundún Jabba The Hutt (‘Back To Funky’), dioscó-func leaisteach (‘Mbale’, ‘Na Man Na Pass’) agus Afra pop grianmhar ar cosa in airde (‘A.B.C.’) le clos.

Tá gach rud go diail, ach amháin na rianta reggae atá ró-mhilis is ró-scaoilte.

Cogar i do chluas: albam maith é Na Man Na Pass ach tá na rianta is fearr anseo, chomh maith le cinn mhaithe ó fhoinsí eile, le haimsiú ar thiomsúchán Pasteur Lappé African Funk Experimentals 1979-81 a d’eisigh lipéad Africa Seven anuraidh.

Mholfainn an tiomsúchán iontach úd thar Na Man Na Pass.

SCÉALTA EILE