“Draw the shape, the beasts that softly whisper in your ear and keep you awake, we all have ghosts and monsters, dear, it’s best to give them a face.”
The Calm Before
Ar nós an tsaoil seo féin, tá idir shólás agus bhuairt ag baint le folk-cheol dorcha Matt Elliott as cathair Bhriostó.
Ceoltóir ar mórán tallainne é, ach más maith iad a thaipéisí saibhre ceoil chun imní do chroí a mhaolú, níl drogall ar Elliott smaointe dubha dorcha a éadóchais phearsanta a chur faoi do bhráid nuair is lú a bheifeá ag súil leo.
Tugann na hamhráin ar sheachtú halbam Elliott faoi théamaí móra, téamaí mar an díomá (‘I Only Wanted To Give You Everything’), an díomas (‘Wings and Crown’), bréagchrábhadh na n-eaglaisí Críostaí (‘The Feast of St Steven’) agus fealsúnacht Plato (‘The Allegory of The Cave’).
Ach tá blas milis ceol traidisiúnta na Meánmhara ar an gceol féin.
In amanna, mar sin, tá The Calm Before ar nós glacadh le suathaireacht chluais ó cheol giotáir, pianó, cláirnéide, olldoird agus wurlitzer fad is atá leabhar fealsúnachta duairc-ach-fírinneach mar ‘Straw Dogs’ le John Grey á léamh agat.
D’fhág Elliott an scoil agus é 15 bliana d’aois chun díriú ar an gceol go lánaimseartha.
Go gearr ina dhiaidh sin, bhain sé cáil amach lena cheol turgnamhach druma agus dord taifeadta faoin ainm Third Eye Foundation.
Bhí sé ina bhall freisin de na grúpaí ceannródaíocha space-rock Flying Saucer Attack agus AMP, agus chuir John Peel féin glaoch pearsanta gutháin air chun iarraidh air Peel Session a thaifeadadh.
Bíonn draíocht éigin ag baint le gach athrú treo in aistear ceoil an fhir, agus ní haon eisceacht é The Calm Before.
Stuif cumhachtach.