Ceol do chait & dá gcairde!

Tá an solas glas faighte ag David Teie, cumadóir ceoil, dordveidhleadóir agus saineolaí i réimse na ceoleolaíochta, chun albam a chruthú do chait… sea, chuala tú i gceart é, cait!

Agus níl muid ag caint ar iománaithe Chill Chainnigh anseo ach an oiread ach ar ár gcairde beaga féilíneacha.

Creid nó ná creid é, seo an dara halbam do chait atá á chur amach ag an tionscadal ceoil ‘Music for Cats’.

Dar leis an leathanach Kickstarter Ceol do Chait – a shroich a sprioc an tseachtain seo – chinn Teie tabhairt faoin darna halbam mar gheall ar an aischothú “thar a bheith dearfach” a fuair sé tar éis an chéad eisiúint chatúil a sheoladh siar in 2015.

Fuaimeanna leictreacha is mó a bhí le brath ar an chéad albam ach fógraíodh ar Kickstarter go mbeidh an t-albam nua, ar a mbeidh ocht rian ar fad, ag tarraingt ar fhuaimeanna ón nádúr agus ón timpeallacht.

Cé gur admhaigh David go bhfuil “dúshláin ar leith” i gceist le ceol a chruthú d’ainmhithe, tá sé ag súil go gcothóidh an t-eispéireas éisteachta ar leith a chuireann sé ar fáil “ceangal níos láidre idir cait agus a gcompánaigh”.

Tá sé bliana caite i mbun taighde ag díograiseoirí an fhiontair nuálaigh seo ag cruthú ceoil atá dírithe ar ainmhithe éagsúla, cait, capaill agus madraí san áireamh.

Deir siad go bhfuil bunús eolaíoch ag ceol an tionscadail agus riachtanais éagsúla ag gach ainmhí.

Tá forbairt intinne agus guthaíochta éagsúil ó ainmhí go hainmhí agus imríonn na difríochtaí seo tionchar ar chumadóireacht an cheoil.

Is fearr i bhfad an cumas éisteachta atá ag cait ná madraí – cluineann siad fuaimeanna ceithre oiread níos faide ar shiúl ná a chluineann muid féin.

Anuas ar an achar éisteachta, tá cait in ann réimse fuaimeanna i bhfad níos leithne ná muid a chloisteáil chomh maith (45 – 64,000 Hertz i gcomparáid le 64-23,000 Hertz ), rud a chiallaíonn gur féidir leo fuaimeanna i bhfad níos ísle agus níos airde a mhothú.

Más comhartha ar bith an $47,695 ($20k a bhí mar sprioc acu!) a cruinníodh le sé seachtaine anuas, is léir go bhfuil an-éileamh go deo air.

Fuaimeanna féilíneacha abú!

SCÉALTA EILE