Ceol don chóisir agus do na cluasáin


Is ait dom an tuiscint sheanchríonna atá ag glúin óg scoth-léiritheoirí domhain house atá ag teacht chun cinn faoi láthair ar conas ceol dochreidte funcaí, anamúil a chruthú as sean-samplaí díslithe funk, dioscó agus snagcheoil.

Taobh le Radio Days le Uffe Christensen na Danmhairge agus Rivers of the Red Planet le wunderkind Bheirlín Max Graef, tá Throwback (début Glenn Astro) ar an dtríú halbam de cheol na glúine úid atá eisithe ag lipéad Tartelet Chóbanhávan le bliain anuas.

An rud a aontaíonn na léiritheoirí thuasluaite (agus Henry Wu Londan freisin) ná tuiscint ar bhunús an groove mar rud casta beo ag ceoltóirí snagcheoil agus funk, seachas rud a fháisctear glan as ríomhaire.

Tuiscint ar luach an bhuille atá as rithim chun blas beo a bhronnadh ar phort.

Ní gan chúis, mar sin, a bhaistigh Glenn Astro ‘Computerkiller’ ar cheann de rianta Throwback: seo saothar sampla-bhunaithe greamaithe le chéile aige le cnagarnach an cheirnín vinile agus glór siosarnach na téipe spól-go-spól.

Ceol teolaí ach deas riastartha.

Gan dabht, ní haon scéal nua é go mbainfí úsáid as cur chuige hip hop chun ceol ag luas house a léiriú.

Baistíodh “father of the sample” ar Todd Terry ag tús na nóchaidí as a shlacht sa cheird úd (is tuigtear go bhfuil The Chemical Brothers tar éis filleadh ar fhuaim hip-house ar a n-albam úr Born In The Echoes, a bheidh linn i mí Iúil) ach tá aclaíocht aigne ar leith ag baint leis an tslí a mbogann Astro a chuid samplaí thart chun an t-athrá a loiteann mórán ceoil house mar cheol éisteachta a sheachaint.

Tá spladhsáil na ndrumaí ar ‘Still Shining’ agus ‘Bochum’ ar chomhchéim le luath-cheol Squarepusher, ach iad léirithe ag luas nach maródh an rinceoir.

Rian dioscó breá fuinniúil é ‘Kilometer Disco’ (ceann de dhá chomhléiriú le Max Graef) spréite le nótaí drithlíneacha vibreafóin agus le ruathar guairneánach sacsafóin, ach domsa is ‘A Bit Warmer’ buaicphointe an albaim lena dhord-líne ramhar UK Garage ag léimint amach ort ó thaobh thiar des na drumaí griothalacha snagcheoil.

Saothar don aistear cluasáin agus don chóisir tí araon.


SCÉALTA EILE