Ceol Fíor-chumhachtach

Tugann Alan Myson (Ital Tek) ‘A Delicate Balance’ ar chéad phort a chúigiú albaim, Hollowed.

Is oiriúnach an teideal é mar is deacair smaoineamh ar thrí fhocal níos fearr ná ‘A Delicate Balance’ chun cur síos ar an ghné áirithe de chur chuige Ital Tek a scarann ceol an fhir amach ó mháistrí eile an dordcheoil leictreonaigh, mar Kuedo agus Om Unit.

Ar a albam draíochtúil deireanach (Control, 2013) chualamar Myson ag scinneadh ó sheánra go seánra, go minic taobh istigh d’aon rian amháin, gan ligint riamh dá shamhlaíocht dul as smacht.

I gcás port mar ‘Fireflies‘ ó Control shamhlófá cosa Myson ag rince le rithimí footwork Chicago fad is a bhí a chloigeann in airde sa spéir ag féachaint ar an scannán Bladerunner (lena cheol téama iontach cumtha ag Vangelis) teilgthe ar dhromchla na Gealaí.

Ainmhí difriúil é Hollowed, neach dorcha, teibí a fhágann ceol na gclubanna ina dhiaidh ach amháin i gcás an arrachta dhorda ‘Cobra’.

Deir Myson gurbh é ‘Symphony No. 3‘ de chuid an chumadóra nua-chlasaicigh Henryk Górecki a spreag i mbun gnímh é.

Saothar fíor-chorraitheach, brónach é ‘Symphony No.3’.

Is machnamh ceoil atá i gceist ar fhulaingt na bPolannach i sluachampaí géibhinn Hitler.

Cé go bhfuil spás agus troime shonach an cheoil dub-chéime ag baint le Hollowed tá tionchar Górecki soiléir le clos i dtrá agus tuile impriseanaíoch rianta mar ‘Nex’, ‘Redeemer’ agus ‘Jenova’.

Tá fuaim MHÓR ag an albam seo, ach bhí obair thomhaiste, fhíneáilte i gceist lena bhaint amach.

Más albam le haghaidh strácáil síos an mótarbhealach le do chairde istoíche atá uait, aimsigh Control.

Turas de shaghas eile atá i gceist le Hollowed: taiscéaladh inmheánach don éisteoir aonair.

Saothar fíor-chumhachtach.

SCÉALTA EILE