Ceol lán ‘brie’

Cad é seo, go díreach?

Blúire cáise uait don tseachtain amach romhainn, a dhuine uasail?

Seo bailiúchán rianta yacht rock, fuaim dhreachlíofa AOR (adult oriented rock) as California a bhí le clos ó leithéidí Doobie Brothers, Michael McDonald agus Toto idir lár na seachtóidí agus lár na n-ochtóidí.

Ceol ó thréimhse nuair a bhí gach a bhain leis an tionscal ceoil MOR (middle of the road), idir na buiséid thaifeadta, tallann na gceoltóirí agus ainbhéas drugaí an n-oifigeach feidhmiúcháin!

Cé nár bhain rianta Too Slow To Disco 2 aon phreab as na cairteanna nuair a eisíodh don gcéad uair iad, mheas dj Supermarkt Bheirlín (a chuir TSTD 2 i dtoll a chéile) go raibh seal eile faoin ngrian tuillte acu, agus tuigtear go bhfuil mórán ama caite aige ar thóir máistirthéipeanna na bport seo.

An bhfuil aon mhaith ann?

Cuir uait do chuid cinicis i dtús báire – tá TSTD 2 ag cur thar moill le hamhráin ghrá atá ró-mhilis agus lán de ruathair mhíne giotáir agus sacsafóin.

É sin déanta beidh an giúmar ceart ort, seans, chun súp a bhaint as poimp agus línte glana glioscarnacha ‘Leave Me Alone Tonight’ (1981) Dave Raynor.

Rogha mhaith mar phort deiridh na hoíche sa chlub a bheadh i ‘Stronger Love’ (1977) le Le Blanc & Carr, lena théama dearfach, dord-líne siúlach agus téaduirlisí a d’ardódh do chroí.

Tá ‘Capsule (Hello People 100 Years From Now)’ (1979) leis an leaid ard as The Monkees, Michael Nesmith (ba í a mháthair a cheap Tipp-Ex) ina iontas anaithnid boogie mall le blas an fhicsin eolaíochta air.

Níl aon locht ar stíl Van Morrison-i-mbun-func-ceol New Orleans ‘Be That Way’ (1974) le Jimmy Hall Grey, is bainfidh móidíní Steely Dan sásamh as bog-rac feothanach ‘Medicine Woman’ (1976) le Paul Davis.

Laigí?

Fiú is do dhlúthchairde bailithe timpeall ort agus an ghrian ag éirí tar éis oíche scléipe, beidh dúshlán ort rince fiú íorónta amaideach a dhéanamh le poirt ró-mhilse mar ‘Who’ll Be A Fool Tonight’ (1980) le Larsen/Feiten Band, ‘Never Gonna Stop Lovin’ You’ (1981) le Byrne and Barnes agus go leor eile anseo.

An breithiúnas:

Ceol lán de bhrie.


SCÉALTA EILE