Ceol mealltach Mhailí

The Original Sound of Mali


Cad é seo, go díreach?

Tá ceol Mhailí i measc an cheoil Afracaigh is doimhne, is sofaisticiúla agus is liriciúla dá bhfuil le clos.

Tiomsaithe ag an mblagadóir Vik Sohonie (soulbonanza.com) agus Dave ‘Mr Bongo’ Buttle, tá ceol The Original Sound of Mali roghnaithe ón dtréimhse idir deireadh na 60í agus lár na n80í.

Tá formhór na rianta bainte ó albaim atá imithe as cló le fada an lá, agus grúpaí mar Rail Band, Super Djata Band de Bamako, agus Idrissa Soumaoro Et L’Eclipse de L’Ija le clos anseo.

In ainneoin go raibh deachtóireacht mhíleata i bhfeidhm ag Uachtarán Moussa Traoré le linn na tréimhse úd bhí borradh ceart faoi cheol dúchasach Mhailí.

Níorbh aon diabhal é go raibh meas ag Traoré ar an gcultúr dúchasach agus leas a bhain as an gceol aige le comhtháthú sóisialta a bhaint amach.

In 1970 bhunaigh Traoré an Biennale Artistique et Culturelle de la Jeunesse chun ceoltóirí agus rinceoirí óga ó gach cearn den tír a bhailiú le chéile i bpríomhchathair Mhailí, Bamako, gach darna bliain.

An bhfuil aon mhaith ann?

Ar nós na nGael féin bhí traidisiún béil láidir riamh ag muintir Mhailí, agus meas acu ar thábhacht an tseanchaí (nó ‘griot’) chun seanchas na tíre – idir cheol, scéalaíocht, stair agus fhilíocht – a choimeád beo.

Dá bharr sin tá saibhreas agus éagsúlacht shuaithinseach ag baint leis an meascán stíleanna agus rithimí atá le clos ar na taifeadtaí seo.

Anuas air sin bhí ceoltóirí mar Idrissa Soumaoro (L’Eclipse de L’Ija) agus an ‘Jimi Hendrix Mhailí’ Zani Diabete (Super Djata Band) ag aimsiú áite sa cheol do ghléasanna ceoil leictreacha.

Tá tionchar ceolta eachtrannacha mar func, rac, charanga aifrea-Cúbach agus Bollywood ar chumadóirí Mailíocha na linne le clos, ach ní loitear blas Mailíoch an cheoil.

Má tá spéis agat chéad taifeadtaí le ceoltóirí a bhain cáil amach ar an stáitse domhanda níos déanaí a chlos, leithéidí Salif Keita (Rail Band, Les Ambassadors de Motel De Bamako), Mory Kante (Rail Band) agus Amadou & Mariam (L’Eclipse de L’Ija), is ar The Original Sound of Mali a aimseoidh tú iad.

Laigí?

In ainneoin chumas damanta na gceoltóirí, mheasfá gur istigh i mbosca brioscaí a deineadh taifeadadh ar roinnt dos na píosaí seo.

An breithiúnas?

Radharc ar ré shuntasach in éabhlóid cheoil Mhailí.

SCÉALTA EILE