Ceol na hIarchóisire

Is spéisiúil an rud gur roghnaigh Hendrik Weber (Pantha Du Prince) clabhsúr a chur lena cheathrú halbam le hamhrán bog indie gan bhuillí a chum sé in ómós don ghrúpa shoegaze Pale Saints a bhí gníomhach sna 90í.

Fear é Weber a bhíonn ag cumadh ceol leictreonach don urlár rince go príomha.

Ach ar nós leithéidí Ulrich Schnauss agus Trentemøller, tá sé chomh mór céanna faoi gheasa ag éifeachtaí uigeacha grúpaí indie mar Cocteau Twins agus Animal Collective agus atá sé ag an gceol íostach leictreonach a bhíonn á eisiúint ag lipéid mar Kompakt agus Dial.

Tá blas séiseach ar leith ag baint le léiriúcháin chroíúla Weber – seo an saghas ceoil a mheallann na indie-kids amach ag rince i measc na bhfíorchlubálaithe faoi sholas na gealaí ag féilte ceoil mar Body & Soul.

Más fíor, mar sin, nach bhfuil aon rud le clos ar The Triad a scanródh na caoirigh, tá séiseachas caoin, glioscarnach ag rith trí rianta mar ‘You What? Euphoria!’ agus ‘Lichterschmaus’ nach ndiúltódh fiú do mhamó dó dá mbeadh fonn rince uirthi in aon chor.

Cabhraíonn sé go bhfuil Weber tar éis The Triad a chumadh go hiomlán ar threalamh analógach i dteannta beirt dá chuid cairde agus baill eile de thriad an teidil, Scott Mou (Queens) agus Bendik Kjeldsberg.

Tá blas an tseisiúin bheo ag baint leis an tslí nádúrtha ina dtagann rianta an albaim seo faoi bhláth, agus chuirfeadh glór Weber féin ar ‘Islands In The Sky’ agus ‘Dream Yourself’ Karl Hyde as Underworld i gcuimhne duit.

Is fiú dub-house eachtrúil, hiopnóiseach ‘Chasing Vapour Trails’ a mholadh go háirithe, ach le fírinne, seo albam a shásóidh cách ach éisteacht leis sa chomhthéacs a bhí i gceist ag Weber: ag rince i gcomhluadar do chairde amach san oíche ag an gcóisir iarchóisire.

SCÉALTA EILE