Ceol na n-éan – Albam

Cad é seo, go díreach?

Cleamhnas é Birdsong idir dhá rud a bhfuil dúil a anama ag blagadóir agus tiomsaitheoir an bhailiúcháin Robbie Perkins iontu: caomhnú na n-éan agus dord-cheol na cruinne.

Tiomsachán de rianta bunaithe ar cheol éan Mheiriceá Theas a bhfuil i mbaol dul in éag, bíodh margadh na bpeataí, mianadóireacht, dífhoraoisiú nó talmhaíocht mar chúis leis.

Ag obair i gcomhair le Xeno-Canto, pobal domhanda ar líne a bunaíodh ar mhaithe le ceol éan na cruinne a thaifeadadh agus a roinnt, d’éirigh le Perkins taifeadtaí a aimsiú de cheol scór éan as Meiriceá Theas a bhí roghnaithe aige ó dhearg-liosta an Aontais Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra.

Thug sé cuireadh dá rogha de nuacheoltóirí / léiritheoirí na mór-roinne, leithéid Dengue Dengue Dengue Pheiriú Tremor na hAirgintíne agus Algodón Egipcio Veiniséala ina measc, feidhm a bhaint as na taifeadtaí úda mar thús-phointe dá bpíosaí ceoil féin.

Tá idir ghníomhachas agus ealaín i gceist le Birdsong.

Thug Perkins faoi fheachtais shlua-chistithe chun costas léiriúcháin na dtaifead a ghlanadh, is tá an ciorcal comhlánaithe sa mhéid is go dtabharfar gach cent de bhrabús an tógra do dhá eagraíocht chaomhnaithe neamhrialtasacha i Veiniséala, Fundación Jocotoco agus Aves y Conservación.

An bhfuil aon mhaith ann?

Tá dubcheol leictreonach Mheiriceá Theas breá atmaisféarach ar aon nós, buíochas nach beag do ghlór uileláithreach na gcnaguirlisí dúchasacha, ach tá úsáid shamhlaíoch ghlór na n-éan ar roinnt do na rianta seo go diail.

Meallann Nicola Cruz (comhoibrí le Nicolas Jaar lá den saol) an Jocotoco Antpitta (150-700 fós beo) amach go lár an urláir rince ag cóisir dhomhain-house trópaiceach – an t-éan ag ligean gach liú as ar nós Pharrell Williams ar ard-ghiúmar.

Bronnann scread díthiúinte an Sun Parakeet (1000-2500 fós beo) teannas séiseach ar fhuaim R&B teochreasach Algodón Egipcio (‘Coterra Del Sol’).

Tá rithim agus sint-glóránna ‘Lulacruza’ le Cucarachero de Niceforo na Colóime (amhrán breá i stíl folktronica Juana Molina) bunaithe ar fhead bog tromchroíoch an Dreoilín Niceforo (30-200 fós beo).

Léiríonn Psilosamples a rímháistreacht ar chéird na samplóireachta ar ‘Soldadinho de Araribe’, saothar cumbia nueva le feadóga móra agus gach saghas agall éanúil sníofa tríd.

Fiú is gan glór na n-éan i lár an aonaigh ar roinnt port eile, beidh dub-house teochriosach Matanza na Sile (‘Gallineta Chica’) ina phléisiúr más spéis leat ceol Michel Cleis nó Nicolas Jaar, agus níl aon locht ar indie-cheol mall uilleach Alessandro Leao na Brasaíle (‘Saira Apunhalada’) ach an oiread.

Laigí?
Deis curtha amú ag Dengue Dengue Dengue é gíog shnagach an Royal Cinclodes (50-250 fós beo) a chur siar in íochtar réimse fuaime ar an ‘Remolinera Royal’ leamh.

An breithiúnas?
Lámh chúnta d’éanlaith an aeir – ceannaigh!


Éist leis na héanacha éagsúla iontacha ar fad anseo.

SCÉALTA EILE