Is diail an buachaill é Daniel Bachman chun giotár a sheinm.
Deirim buachaill mar níl Bachman ach 25 bliana d’aois, ach ag éisteacht leis ar an ngiotár acústach do shamhlófá fear a raibh saol i bhfad níos faide caite aige.
Nó fear a bhí ar an saol seo cheana.
Ceol na stíle american primitivism a chleachtann Bachman, téarma an rí-ghiotáraí Mheiriceánaigh John Fahy féin don seánra a bhunaigh sé ag deireadh na gcaogaidí.
Ceol avant-garde/nuachlasaiceach acústach a bhfuil teicnící méarphioctha cheol na ngormacha leithéidí Mississippi John Hurt agus Bukka White mar bhunús leis – cé go bhfuil rómánsaíocht ag baint le poirt mar ‘Song For The Setting Sun II’ anseo nach raibh le clos go ró-mhinic i gceol Fahy.
Is leis an bport is dúshlánaí ar an albam, ‘Won’t You Cross Over To The Other Side’, a roghnaíonn Bachman tús a chur le River.
Fiú is é 14 nóiméad ar fhad ní bhraithfeá imeacht an ama buíochas d’athruithe luais, éagsúlacht phátrúin mhéarphioctha agus taiscéaladh séiseach (nach dtéann riamh amú i dtobchumadh gan bhrí) Bachman.
Clíché de mheafar é meafar na habhna i gcúrsaí ceoil, gan dabht, ach maithfimid do Bachman é.
Tógadh cois na habhna Rappahannock i Virginia na Stát Aontaithe é, agus tá tionchar ghluaiseacht an uisce ar an ngiotáraí le clos i dtuile agus tráth rianta River.
Ar nós saordhreapadóra ag dreapadh gan rópa sábháilteachta roghnaigh Bachman River a thaifeadadh in aon lá amháin gan aon dubáil.
Cos, nó méar, amú is bheadh an taifead millte.
Sin agat fócas agus tallann dhamanta an fhir óig seo, is má tá tarraingt anála nó corr-nóta maothaithe le clos is máchailí iad a chuireann le beocht an taifid bhreá seo.