Ceol ‘trá’, don leaba ghrá

Bheadh ‘Bedroom Music’ ina theideal níos oiriúnaí ar albam úr seo Alex Giannascoli as Philadelphia SAM.

Seo ceol slacker rock amach is amach: cumtha agus léirithe ag Giannascoli, mheasfá, gan cos a chur lasmuigh dá sheomra leapan.

Díreach an saghas ruda a bheadh uait agus é beartaithe agat fanacht sa leaba ar maidin ag caitheamh raithní agus ag bualadh craicinn le do leannán in ionad freastal ar do léachtanna ollscoile, agus tinneas póite oraibh tar éis oíche ragairne (gan é a mholadh mar chleachtas, tá a fhios agat).

Ceol spadánta, scaoilte, sea, ach milis, séiseach freisin.

Amhráin le liricí teibí curtha i láthair i nglór faon ar nós “is cuma liom” ag Giannascoli.

Ní den chéad uair i gcás nua-eisiúintí na ráithe seo (féach léirmheas Girl Band), tá macallaí láidre de cheol an bhanna Pavement le clos, ach tá moladh seachas masla i gceist le rá go bhféadfá ‘Bug’ agus ‘Kicker’ a shamhlú, nach mór, neadaithe i gcomhluadar amhrán Crooked Rain, Crooked Rain.

Tá ‘Snot’ ar nós Smashing Pumpkins ag suansiúl trína n-aintiún ‘Today’, agus is glic mar a mhalartaíonn Giannascoli tuinairde (pitch) a ghlóir féin chun ról fir agus ról mná a ghlacadh don ndíséad geal, gliadrach ‘Brite Boy’.

Níl aon rud réabhlóideach i gceist le Beach Music, ach ar nós maidin fhánach caite sa leaba le do leannán i lár na seachtaine, tá an t-albam seo ina phléisiúr simplí.


SCÉALTA EILE