Ceoltóir Gaeltachta ar chlúdach liosta na hÉireann ag Spotify

Tá ceoltóir óg Gaeltachta ar chlúdach ceann de na seinnliostaí Spotify is mó éisteacht in Éirinn an tseachtain seo. Eve Belle, ceoltóir 20 bliain d’aois as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill, atá sa bpictiúr clúdaigh ar an seinnliosta A Breath of Fresh Éire ar an tseirbhís sruthaithe ceoil an tseachtain seo.

Tá os cionn 33,000 míle leantóir ag an seinnliosta Éireannach, a chuireann ceol nua ó cheoltóirí na hÉireann chun cinn ar an ardán, agus tá amhrán nua Eve — ‘First Impression Feat. Tebi Rex’ — sa dara háit ar an liosta sin an tseachtain seo. Tá amhrán eile dá cuid — ‘Best Intentions’ — níos faide síos an liosta chomh maith. 

Tá 75 amhrán nua Éireannach ar liosta na seachtaine, an t-amhrán agóide ‘Nina Cried Power’ leis an amhránaí mór le rá Hozier ina measc, chomh maith le ceol ó Gavin James, All Tvvins, Villagers agus Le Galaxie, ach ba í bean Ghaoth Dobhair a roghnaíodh le bheith mar phictiúr clúdaigh an tseinnliosta an tseachtain seo. 

Rugadh Eve i mBaile Átha Cliath ach tógadh i nGaoth Dobhair í. Bhuaigh sí Gradam NÓS sa mbliain 2016 sa rannóg ‘Amhrán na Bliana’ dá hamhrán Gaeilge ‘Solas’. Tá roinnt amhrán eile Gaeilge eisithe aici ó shin agus is minic a chasann sí ag ócáidí Gaelacha ar fud na hÉireann. 

 

SCÉALTA EILE