• Cultúr
  • Teic
  • Saol
  • Meáin
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
  • Gradaim NÓS 2021
  • Físeáin NÓS
  • Faoi NÓS
  • Teagmháil
  • Cultúr
    • Ceol
    • Scannáin
    • Leabhair
    • Ardán
    • Dearadh
  • Teic
  • Saol
    • Bia
    • Sláinte
    • Stíl
    • Collaíocht
    • Spórt
  • Meáin
    • Raidió
    • Sóisialta
  • Taisteal
  • Gníomhaíochas
    • Teanga
    • Polaitíocht
    • Comhshaol
  • Físeáin NÓS
  • Fúinn

Share this...
Share on Facebook
Facebook
Pin on Pinterest
Pinterest
Tweet about this on Twitter
Twitter
Share on LinkedIn
Linkedin

NÓS

18ú Aibreán 2016

Ceol#tallann na ngael

Grianghraif: Seán Ó Mainnín

    Our Sponsors
      Our Sponsors

      Ceoltóirí óga na hArdchathrach
      a bhuaigh comórtas ceoil 'Siansa' 2016!


      Más comhartha ar bith é iomrá na gceoltóirí a bhuaigh Siansa sna blianta caite, is é an grúpa ‘Círéib’, as Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath, réaltaí nua trad s’againn, agus iad buacach ag Siansa Gael Linn na bliana seo.

      Fuair ceoltóirí óga na hardchathrach an ceann is fearr ar sheacht gcinn eile de ghrúpaí traidisiúnta sa chraobh a bhí ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta aréir.

      Cuireadh scoth an cheoil i láthair an lucht féachana i gcaitheamh na hoíche agus is ag na moltóirí, Dónal O’Connor, Niamh Ní Charra agus Declan Masterson, a bhí an cinneadh deacair na buaiteoirí a roghnú.

      Ag labhairt le NÓS dó, mhol Dónal O’Connor, fidléir aitheanta, na ceoltóirí óga a chuaigh chun ardáin agus Siansa mar chomórtas a thugann saoirse do na rannpháirtithe a gcuid féin a dhéanamh den cheol.

      “Níl a leithéid de chomórtas eile in Éirinn, ná sna tíortha Ceilteacha, a thugann deis don aos óg úinéireacht a bheith acu ar an cheol,” arsa Dónal.

      “Tá saoirse iomlán acu rith leis an cheol agus is iontach an taithí agus an spreagadh é do cheoltóirí óga na tíre.”

      Bronnadh trófaí Gael Linn chomh maith le seic ar €2,500 ar bhaill Círéib; Fiona Nic Gamhna, Micheál Ó Grálaigh, Seán Ó Casaide, Stiofán Ó Casaide, Caoimhe Blennerhassett, Clodagh Ní Dhaltúin, Fergal De Fuitléigh agus Cathal Ó Muirgheasa.

      An grúpa ‘Fuaimeanna Shliabh Luachra’ ó Cill Chuimín, Co. Chiarraí, a fuair an dara duais de €1,250 agus sa tríú háit bhí an grúpa ‘Gluaiseacht’ ó Iarthar Chorcaí, a fuair seic de €750.

      Eagraíonn Gael Linn an comórtas bliantúil seo do ghrúpaí óga faoi 19 mbliana, le cabhair ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó Irish Music Magazine.

      I measc na mbuaiteoirí a tháinig roimhe tá Caitlín Nic Gabhann, Niall Murphy, Maitiú Ó Casaide (The Bonny Men), Caoimhín Ó Fearghail agus Eoghan Ó Ceannabháin ó Skippers Alley!

      Dóibh siúd a chaill amach ar an chraoladh beo, coinnígí súil amach don chlár teilifíse ar bhuaicphointí Siansa Gael Linn 2016 a chraolfar ar an Domhnach, 1 Bealtaine, ag 5.25i.n ar TG4.

      Comhghairdeas le gach uile dhuine a bhí páirteach! HUP!

      Scéalta Eile

      ‘Cuireann an t-amhránaí as Gaoth Dobhair tic i ngach bosca don Eoraifís’

      ‘Ar ardán ceolmhar Dé go raibh Séamus Ó Beaglaoich’alt ómóis

      An ceoltóir aitheanta Séamus Ó Beaglaoich ar shlí na fírinne

      Bailiúcháin agus Albaim Atheisithe na Bliana 2022

      Albaim na Bliana 2022 – Cuid 2J-Z



      Nós

      Is iris chultúir í NÓS a thugann léargas beoga Gaelach ar an saol thart orainn. Tá muid anseo chun spraoi, machnamh agus gníomh a spreagadh.

      Déan. Bris. Léigh.
      • Faoi NÓS
      • Físeáin NÓS
      • Gradaim NÓS 2021
      • Fógraíocht
      • Teagmháil
      • About NÓS
      Teagmháil

      Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
      216 Bóthar na bhFál
      Béal Feirste
      BT12 6AH
      eolas@nos.ie


      cc.white  2021 Rua Media