Is mó ama atá caite ag ‘Penny Black’ John Lambert (Chequerboard) sa seinnteoir ceoil i ngluaisteán an scríbhneora seo ná aon albam eile eisithe ag ceoltóir Éireannach le deich mbliana anuas.
Gan é ach tuairim agus 40 nóiméad ar fhad, is saothar beag foirfe é ‘Penny Black’, meascán d’fhuaim chomh-thimpeallachta ar snámh Brian Eno, fuinneamh is rithimí flamenco, agus séis ornáidithe ghiotár John Lambert.
Más fíor nár bhain ‘Penny Black’ ach uimhir 224 amach i liosta iriseoirí Hot Press don 250 albam Éireannach is fearr riamh níl ann ach cúis uimhir 47 gan Hot Press a cheannach (cúis uimhir 46 ná go bhfuil tosaíocht ag “Talk On Corners” The Corrs ar “O Riada Sa Gaiety” AGUS “Selected Ambient Works 85-92” le Aphex Twin sa liosta úd!).
Níl Lambert tar éis aon iarracht a dhéanamh chun castacht ‘Penny Black’ a shárú le ‘The Unfolding’. Ina ionad sin cloisfear leagan níos boige, níos machnamhaí, dá cheol draíochta.
Tá feidhm níos fíneálta bainte as maisíochtaí fuaimiúla, glór an dordveidhle, seinnte ag Kate Ellis (Crash Ensemble) agus Kevin Murphy (Seti The First), úsáidte chun tiús a thabhairt don gceol.
Má bhí a cheann sáite i gcúl chloig urlár ag Lambert ar ‘Penny Black’, ag déanamh iontais don bhfearas seabhránach, ar ‘The Unfolding’ (lipéad Lazybird) tá sé le clos sínte ar a dhroim sna dumhcha ag déanamh iontais d’áilleacht an nádúir.
Ní haon gheallúintí folamha iad teidil mar ‘Kestrel Rising’, lena chamghaoth séiseach, agus an ‘A Field Of Night’ tarchéimnitheach, inar féidir easanálú an fhéir a chlos, nach mór. Tá ‘Today Is Beautiful, We Have Things Do Do’ agus ‘The Sorrow Bird’ beagáinín caointeach, sea, ach nach mar sin an saol ar uairimh?
Aimsigh áit álainn faoin dtuath is caith ar do chluasáin ‘The Unfolding’. Tá an méid sin tuillte agat.