Spalpadh gréine trópaiceach i lár an gheimhridh é albam #5 ó Bareto Pheiriú, ceannródaithe an cheoil chicha chomhaimseartha.
Fosheánra Peiriúch de cheol cumbia é chicha, a tháinig ar an saol sna 60à nuair a bheartaigh grupaà mar Los Destellos agus Juaneco Y Su Combo ar scála peinteatonach an cheoil thraidisiúnta Aindéisigh, eilimintà surf-rock is ceol sÃcideileach, agus cnagadh Cúbach a mheascadh le bunfhuaim cumbia na Colóime.
Toradh súiteánach é an chicha mar a chleachtaÃonn Bareto é ar chrosphailniú le dub-cheol agus ceol leictreonach, agus sa mhéid sin tá macallaà láidre de Manu Chao agus Gotan Project ag baint le sceainc mheirbh atmasféarach rianta mar ‘La Voz Del Sinchi’ agus ‘La Negra Y El Fantasm’.
Chuirfeadh an leithéid támhnéal ort tar éis tamaill, is fÃor, ach cinntÃonn cleasaÃocht agus éagsúlacht ceoil Impredecible nach dtiteann an saothar ina leadráin.
Tugann Bareto faoi rithimà Aifrea-Pheiriúcha festejo don gcéad uair ar an ‘El Loco’ meallacach i dteannta Susana Baca, tá blas milis HaváÃoch ar ‘La Semilla’, tugann ‘Viejita Guarachas’ cuireadh do ‘Ghostown’ sÃorghlas The Specials freastal ar chóisir merengue i lár na hAmasóine, agus lasann stÃl aerach chicha na sean-ré ‘Bomba Baile’ tine faoi do chosa.
NÃos sásúla ná seal ar an leaba gréine, is nÃos sláintiúla chomh maith.