Tharraing Chuck Berry blues, ceol tíre, soul agus rac-cheol le chéile chun a fhuaim féin a chruthú ach is mar cheoltóir agus cumadóir rac a thoill sé ardmheas.
Go deimhin, laoch is ea Chuck Berry i saol an rac.
Tá 15 amhrán mar chuid den chnuasach Golden Hits, ina measc ‘Round and Round’, ‘Carol’, ‘Brown Eyed Handsome Man’, ‘Roll
Over Beethoven’ agus ‘Back in the U.S.A’. Tá na hamhráin seo le cloisteáil ar albaim éagsúla dá chuid a tháinig amach ó thús na 50í ach rinneadh taifead as an nua ar na hamhráin i 1967 don bhailiúchán áirithe seo ar lipéad Mercury Records.
Aithníodh an té a bhfuil cur amach aige ar cheol Berry go bhfuil cur chuige nua-aimseartha agus luas níos tapúla ag na rianta a taifeadadh i 1967.
Tá iomrá ar leith ar Berry as a scileanna cumadóireachta agus as an gcaoi a mbaineann sé úsáid as greann chun scéal a insint ina gcuid liricí. Tá sé le brath go mór san amhrán Sweet 16 mar shampla.
Ní amháin sin ach is minic a rachadh sé i ngleic le téamaí daonna agus mothúcháin chomh maith, atá fréamhaithe sna blues agus soul dar ndóigh ach tharraing sé isteach i séanrá an rac iad.
Is iomaí moladh a fuair sé agus is iomaí duais a bronnadh air le linn a shaoil. Bhronn an Uachtarán SAM Bill Clinton duais Kennedy
Centre Honors Award air ag tús an chéid mar gheall ar an méid a bhain sé amach. Dar leis, ba dhuine de cheoltóirí móra na linne é Berry.
Dúirt John Lennon tráth “If you tried to give rock and roll another name, you might call it ‘Chuck Berry’”, comhartha den chaoi a ndeachaigh sé i bhfeidhm ar cheoltóirí eile na linne.
Spreagann na hamhráin cuimhní áirithe ionam.
Nuair a éistim le ‘Johnny Be Good’ mar shampla, tógann sé mé siar chuig am eile, agus mé ag taisteal amach ó Bhaile Uí Thaidhg i gCo. Chiarraí sa charr le mo mhuintir. Fuinneoga thíos, an ghaoth ag séideadh, an ghrian ag spalpadh agus rock an roll inár gcluasa.
Tháinig mé trasna ar an albam seo le déanaí agus caithfidh mé a rá gur thóg sé siar mé chuig na laethanta san agus mé i mo dhéagóir. Tá bua an cheoil ag an té a dhéanann a leithéid i mo thuairim-se.
Ceoltóir rac den scoth é agus aon uair a thagann amhrán le Chuck Berry ar an raidió cuireann sé fonn rince orm, pé am den lá atá ann.
Chaith Berry tamall de bhlianta ar an mbóthar agus ag taisteal ar fud an domhain, i gcuideachta a mhacasamhail Jerry Lee Lewis agus Little Richard agus laochra eile na haoise.
Tá aois mhór air anois, (86 bliain d’aois!) agus tá cónaí air in Missouri, áit a bhfaighfeá é ag casadh sa Blueberry Hill go fóill.
Rianta ar Golden Hits le Chuck Berry: Little Sixteen, Memphis, School Days, Maybellene, Back in the USA, Brown Eyed Handsome Man, Jonnny B. Goode, Rock and Roll Music, Roll Over Beethoven, Thirty Days, Carol, Let it Rock, Reelin’Rockin’ agus Club Nitty Gritty.