Samhlaigh cith drithlí ag rince san aer os cionn tine chnámh ar oíche gheal i lár an tsamhraidh nó íomhá mhealltach éigin eile de dhreigechith frithchaite ar bharr locha.
Íomhánna iad seo den saghas a spreagann ceol an chláirseora Los Angeles-lonnaithe Mary Lattimore, atá le cloisteáil ar Collected Pieces.
Le 10 mbliana anuas tá cuireadh faighte ag Lattimore ó uaisleacht an indie-cheoil leithéidí Arcade Fire, Jarvis Cocker agus Thurston Moore a cruit 47-téad Lyon & Healy a chasadh ina dteannta.
Ag teacht sna sála ar chéad albam Lattimore don lipéad Ghostly International, At The Dam (2016) – a chuir i mbéal an phobail cheoil i gceart í mar cheoltóir aonair – is rogha é Collected Pieces de 5 rian nach raibh le fáil go dtí seo ach ar leathanaigh Soundcloud agus Bandcamp Lattimore.
Is é modh oibre Lattimore a píosaí a thógaint as sraitheanna de lúibíní seinnte ar an gcláirseach.
Baineann sí úsáid go minic ach go géarchúiseach as próiseáil dhigiteach chun pailléad sonach an chláirsigh a leathnú.
Cé go bhfuil traenáil chlasaiceach aici níl fuaim Lattimore go ró-mhór faoi chomaoin ag aon traidisiún ceoil ar leith.
Is go mór chun leas an tsaothair é, mar tá éagsúlacht mhaith le clos idir na Collected Pieces éagsúla anseo dá bharr.
Tá blas Síneach ar nótaí cama ‘Bold Rides’, baineann Lattimore feidhm fhíneáilta as saobhadh fuaime ar an ‘It Was Late and We Watched the Motel Burn’ teibí, agus tá macallaí den gcuid is fearr de ‘Rounds’ le Four Tet le clos i séiseanna ciorclacha comhghlasáilte ‘The Warm Shoulder’.
Spreagfadh an ‘We Just Found Out She Died’ suaithinseach (cumtha on ómós don aisteoir Margaret Lanterman, nó an Log Lady as Twin Peaks) thú do chóip de Twin Peaks OST le Angelo Badalamenti a chaitheamh ar an gcaschlár in athuair.
Ach ní go dtí go bhfuil an nóta deireanach de Collected Pieces seinnte!
Ceol gleoite.