Clasaicí rince Trevor Jackson

Cad é seo, go díreach?

Mana an lipéid On-U Sound ná “Disturbing the comfortable, Comforting the disturbed”, agus tá beart déanta de réir an bhriathair ag Adrian Sherwood, úinéir an lipéid, agus sruth foisteanach de cheirníní eachtrúla reigé, dub, industrial, electro agus dioscó atá eisithe aige ó thús na 80í ar aghaidh.

Fíor-fhuaim iar-phunc na Breataine Móire iarchoilíní más maith leat.

Rogha speisialta an dioscmharcaigh/ealaíontóra Trevor Jackson é Science Fiction Dancehall Classics de rianta ó chartlann On-U Sound.

Mar úinéir ar cheirníní Output tráth den saol, bhí Jackson freagrach as chéad cheirníní Four Tet, LCD Soundsystem agus The Rapture a eisiúint.

Mar aon le mórán físithe ceoil, bhí earráid riamh le Jackson mar DJ.

Mar a léiríonn an dá bhailiúchán Industrial agus EBM (Metal Music 1 & 2), a chuir sé le chéile do cheirníní Strut le blianta beaga anuas, tá dúil ar leith ag Jackson i gceol garbh, fisiciúil, tionsclaíoch.

Ná bíodh iontas ort, mar sin, go bhfuil an taobh leictrea-friochta avante-garde de On-U Sound le clos ar Science Fiction Dancehall Classics.

An bhfuil aon mhaith ann?

Dub-cheol digiteach gléasta in armúr plátáilte piléirdhíonacha é ‘Ace Of Wands’ (1985) le Missing Brazilians, agus tá an ‘Over Board’ (1984) dinimiciúil le Dub Syndicate fliuch báite le FX clambrach.

Tá African Headcharge ar bharr a maitheasa ar ‘Off The Beaten Track’ (1985) – lena meascán seamhnach de dhord spadánta Iamáiceach, ritimí Afracacacha agus lúibíní siceadéalacha veidhlín – agus ar an ‘Stebini’s Theme’ (1981) geall hiopnóiseach.

I measc na rianta nár eisíoch cheana tá leagan súiteánach, milis Singers & Players de ‘Kunta Kinte Dub’ le The Revolutionaries, agus caol-func leictreonach ‘Loudspeaker’ (1985) le The Circuit.

Punc-cheol agus dub-cheol ag déanamh giolamais ar a chéile ag cóisir íoslaigh a bhfuil le clos ar ‘Animal Space’ (1981) le New Age Steppers (gurbh Ari Up ó The Slits agus baill éagsúla de Public Image Limited iad).

Cé nár chuala an chuid is mó againn glór Shara Nelson go dtí gur tháinig ‘Unfinished Sympathy’ Massive Attack amach in 1991 ta sí le clos anseo ar ‘Aiming At Your Heart’ ón bhiain 1983.

Laigí?

Barraíocht proto-electro agus ceol righin tionsclaíoch ó leithéidí Fats Comet, Tackhead agus Mark Stewart – seans go raibh an ceol úd corraitheach go maith i lár na n-ochtóidí ach tá an saol tar eis bogadh ar aghaidh.

An breithiúnas?

Tá seoid dhearmadta nó dhó le clos ar Science Fiction Dancehall Classics ach d’fhéadfá rogha rianta níos sásúla a phiocadh amach as cartlann On-U Sound ná mar atá déanta ag Jackson.

SCÉALTA EILE