Cloigíní le Cormac

Ar chuala sibh port traidisiúnta á bhualadh ar chloigíní séipéil riamh?

Murar chuala, tar go Cathair na dTreabh an samhradh seo.

Ag 7.30in, Luan go hAoine, beidh tiúin thraidisiúnta á seinm ar chloigíní Shéipéal San Nioclás, agus í le clos faoi 3 mhíle den chathair.

Beidh ceol na gcloigíní san aer roimh na 100 ceolchoirm atá beartaithe i nGaillimh as seo go deireadh an tsamhraidh, ócáidí a mbeidh scoth na gceoltóirí ó cheann ceann na tíre páirteach iontu.

Is é Cormac Ó Beaglaoich, ceoltóir aitheanta agus eagraitheoir sraith cheolchoirmeacha an tsamhraidh Tunes and the Church, a smaoinigh ar thogra seo na gcloigíní an chéad lá.

Ag labhairt dó le NÓS, dúirt Cormac gur chuala sé tiúin éagsúil á seinm ar na cloigíní den chéad uair ag pósadh a bhí ar siúl sa séipéal mí ó shin.

“D’fhiafraigh mé de Gary Hastings, ministir an tséipéil, an dtiocfadh linn amhlaidh a dhéanamh roimh cheolchoirmeacha Tunes and the Church, agus dúirt sé go dtiocfadh.

“Níl ach deich nóta ar an scála agus tá tú saghas srianta ó thaobh na bport de, ach is íomhá an-deas í, go bhfuil ceol á scaipeadh ar fud na cathrach,” ar sé.

Deis mhargaíochta, nach ndeachaigh amú ar Chormac, atá ann fosta an ceol traidisiúnta a chur chun cinn sa chathair.

“Ní dóigh liom go ndearnadh cheana é; is fíor sin,” arsa Cormac le gáire.


Cuirtear tús le ceolchoirmeacha Tunes in the ag a 8in, Luan go hAoine. Tuilleadh eolais faoi anseo.

SCÉALTA EILE