CMAT: I ndáiríre, téigh agus féach uirthi

Ó am go ham, rachaidh tú chuig ceolchoirm amhránaí éigin nach bhfuil mórán de chur amach agat orthu. B’fhéidir go bhfuil amhrán nó dhó dá chuid ar do ghuthán ach níl dioscliosta iomlán an cheoltóra de ghlanmheabhair agat.

Ó am go ham (nó cuid is mó den am), is iad seo na seónna is fearr dá bhféadfá dul orthu. Chaith mé féin uair a’ chloig san Airéine Leictreach Dé Domhnaigh ar cheolchoirm den chineál seo. 

Is dóiche gur chuala mórchuid de mhuintir na hÉireann an caoineadh suáilceach, “I wanna be a cowboy, baby” ó CMAT, nó an gháir chumhachtach ‘Aw, Shoot!’ a d’eisigh sí i mí na Bealtaine.

As Contae na Mí ó dhúchas, bhog CMAT (óna hainm breithe, Ciara Mary-Alice Thompson) go Manchain lena páirtnéir agus iad níos óige. Ba thús corrach ar a haistear ceoil é, mar a chuireann sí féin síos air, ach b’fhiú an turas é i mo thuairimse i ndiaidh dom í a fheiceáil ar an ardán.

Ag tús an tseó, dúirt an t-amhránaí ceol tíre go raibh sé ina aisling aici seit a dhéanamh san Airéine Leictreach ó bhí sí 14 bliain d’aois. Chuir sí tús leis an chéad traic óna halbam début If My Wife New I’d Be Dead, ‘Nashville’. Ionduchtúchán iontach don lucht féachana ab ea agus ba bhealach thar cionn é chun aistriú go ‘California’ óna halbam is déanaí, Crazymad, For Me.

Choinnigh sí uirthi le taispeántas spleodrach de ‘I Don’t Really Care For You’ agus  ‘2 Wrecked 2 Care’. Go dtí seo, bhí mise faoi dhraíocht ag CMAT. Nuair a chuir sí tús le ‘Whatever’s Inconvenient’, áfach, b’in tús na cóisire domsa. Bhí an airéine go léir ag screadaíl na liricí in éineacht léi, cór na Picnice Leictrí faoi lán seoil.

Ní fhéadfainn focail a chur ar an teacht i láthair a bhí ag CMAT ar an stáitse. Seans, ámh, go ndéanfaidh seo cúis. Ag an phointe seo, tá 6 amhrán canta aici agus, ina dhiaidh sin ar fad, rinne sí a leagan féin de ‘Wuthering Heights’ le Kate Bush. (Dála an scéil, dúirt CMAT nach raibh an t-amhrán seo ar an seitliosta gur shroich sí an Phicnic Leictreach agus gur iarradh uirthi breis agus 10 n-uaire é a chanstan.) Ní amhrán furasta é ar aon chor, ach thug CMAT a cheart don traic agus níos mó. Ag pocléim ó chúinne go cúinne ar an ardán, chan sí gach nóta gan amhras gan srian agus shílfeá gur ghnáthDhomhnach é di.

Dar ndóighe ní raibh CMAT, atá an-ghlórach faoi éagóir ar na meáin shóisialta, in ann an seó a chríochnú gan an t-éagóir uafásach atá á dhéanamh ag Iosrael sa Phalaistín a cháineadh. Chan sí ‘I Wanna Be a Cowboy, Baby’ i ndlúthpháirtíocht le muintir na Palaistíne, amhrán a scríobh sí faoi shaoirse ina cuid focal féin.

Chríochnaigh sí an seó le ciceanna, timbleáil agus sluashurfáil. Is amhrán foirfe é ‘Stay For Something’ chun deireadh a chur le seó agus ba cheiliúradh amach is amach an críoch. Ní foláir dom a rá go raibh seo ar cheann de na ceolchoirmeacha is fearr dá bhfaca mé riamh. Ba chosúil go raibh sí i ngreim ag spiorad laochra na 80idí. An t-aon rud atá ann ná nach bhfuil a fhios agam an sásta atá mé go ndeachaigh mé ar an cheolchoirm, nó go bhfuil scíste ag scámhóga CMAT agus an seó thart!

Go dtí an chéad uair eile, a Chiara.

SCÉALTA EILE