Albam uimhir 23 ó Luke Vibert, fear Chorn na Breataine a bhfuil a éirim chun ceol a chumadh i ngach stíl ó hip hop uirlise (Wagon Christ) go druma is dord (Plug), go jungle (Amen Andrews) go acid house, léirithe thar na blianta aige.
Taibhsítear don scríbhneoir seo gur mó an pléisiúr a bhainfeadh le halbaim Vibert dá mbeadh a rogha dos na stíleanna thuasluaite ar fad le clos in aon albam amháin, seachas cloí le stíl amháin thar achar albaim mar is gnách leis.
Níl amhras ach go bhfuil ábhar tiomsacháin fhíor-láidir i gcatalóg Vibert dá mbeadh sé de mhisneach ag duine rogha a chur le chéile.
É sin ráite, agus Vibert ag filleadh ar an dtogra dioscó/func leictreonach a bhunaigh sé siar in 2004, is cuireadh chun súgachais é Kerrier District 4 nach ndiúltófar.
Bhí gliceas sultmhar riamh ag baint le colláisí sonacha Vibert, ach tá faobhar ar leith ar 4 agus an gléasra rialaithe ar chroílár an func-cheoil aige.
Ní féidir le Vibert a bhealach a dhéanamh gan a shúil a sméideadh ar stíleanna eile mar cheol na Brasaíle agus fuaim house Nua-Eabhrac na sean-ré (‘Brush The Bush’), hip house (‘Come On Kerrier’), electro-boogie (an ‘London Groove’ damanta funcaí) agus dub-house trópaiceach (‘Sexspurt’) ach is go mór chun leasa an tsaothair a chuid diabhlaíochta ceoil.
Tá fós an iomarca dioscó ann, ach tá obair fhuinniúil sintéiseora Vibert thar na bearta, agus ar fhianaise 4 tá cleas nó dhó fós le foghlaim ag leithéid Mr Scruff ó dhord domhain agus func leaisteach Vibert.
Cuir ort do bhríste spréite spandex, tá sé in am tabhairt faoin urlár rince!