Cnuasach íocónach reigé

Cad é seo, go díreach?

Gan é ach seacht mbliana d’aois chuir Augustus Pablo muintir Iamáice faoi dhraíocht i 1971 le dhá shingil dhraíochtúla reigé (‘East Of the River Nile’ & ‘Java’), iad taifeadtha aige ag baint feidhm as an melodica mar phríomh-uirlis.

Scaip cáil “far East sound” Pablo, stíl reigé atá lán mionchordaí corraitheacha, go hidirnáisiúnta le heisiú ‘King Tubby Meets The Rockers Uptown’ in 1974.

É ina leagan dub den singil ‘Baby I Love You’ a dhein Pablo a thaifeadadh i dteannta an amhránaí Hugh Mundell, tá ‘King Tubby Meets The Rockers Uptown’ ar an bport dub is mó clú go dtí an lá inniu, deirtear.

Bailíonn Augustus Pablo Presents Rockers International le chéile roinnt dos na rianta melodica is deise dá chuid, chomh maith le rianta dub agus blaiseadh den scoth ceoil roots a taifeadadh agus Pablo i mbun curaimí léirithe agus cumadóireachta le hamhránaithe ar nós Delroy Williams, Jacob Miller, Earl , Junior Delgado agus Hugh Mundell.

An bhfuil aon mhaith ann?

Tá loighic shéiseach ag baint le piosaí ionstraime Pablo atá chomh glan foirfe sin go bhfuil sé furasta creidiúint go bhfuil gach uile rud ceart leis an saol don ndá nóiméad go leith a mhaireann píosaí mar ‘555 Crown Street’ nó ‘Cassava Piece’.

Is ceol draíochtúil é.

Tugann amhráin roots Augustus Pablo Presents Rockers International radharc eile ar bhuanna an fhir – é ag leagadh síos rianta ina bhfuil cóimheá breá blasta le clos idir dhomhain-dord, drumaí anamúla agus obair shéiseach ar méarchláir éagsúla, an clavinet fíor-funcaí ina measc.

Tá Earl Sixteen ar bharr a mhaitheasa ar an ‘Changing World’ caoin machnaimheach, agus tá ‘The People of This World’ le Sisters Jam ar an bpléisiúr fánach sin: sárcheol roots ó bhan-amhránaithe.

Tá clabaireacht bhríomhar Jah Levi ar ‘Zion A Fe Lion’ le moladh, chomh maith le cur i láthair údarásach Junior Delgado ar an ‘Away With Your Fussing And Fighting’ frithchogaidh.

Laigí?

Tá roinnt rianta cáilliúla de chuid Augustus Pablo in easnamh (‘East of the River Nile’, ‘Java’) ach, le bheith macánta, táid le haimsiú ar go leor tiomsúchán eile.

An breithiúnas?

Muna bhfuil ceol Augustus Pablo cloiste cheana agat ní mór duit cluas a thabhairt do Augustus Pablo Presents Rockers.

Fiú má tá, cuirfidh tú aithne den gcéad uair ar sheoid dhearmadtha roots nó dhó i measc an 28 rian seo.


SCÉALTA EILE