‘Color De Trópico Vol. 2’ agus albaim eile na míosa

Jinx Lennon – Liferafts For Latchicos (Septic Tiger)

Tá greann agus gránnacht ag baint leis na hamhráin seo faoi shaol Jinx Lennon, mar a bhí is mar atá, agus é ag fás aníos, ag obair agus ag tógaint clainne i nDún Dealgan gar don teorainn.

Bhí bua riamh ag Lennon focail a chur ar an bhfrustrachas a mhothaíonn mórán de dhaoine macánta na tíre seo, agus tá an cur chuige díreach, bríomhar psyche-folk atá roghnaithe aige an babhta seo go mór in oiriúint dá theachtaireacht spreagúil, chiall cheannaithe. 

Ceoltóirí Éagsúla – Color De Trópico Vol. 2 (Las Palmas)

Bailiúchán iontach de cheol a eisíodh i Veiniséala idir na blianta 1966 agus 1978, tréimhse ina raibh borradh suntasach faoin ngeilleagar agus faoi shaol cultúrtha na tíre agus deireadh tagtha leis an deachtóireacht mhíleata a bhí i bhfeidhm sa tír ó 1948 go 1958.

Léamh croíúil Veiniséalach ar stíleanna éagsúla ó afrobeat, cumbia agus dioscó go samba, reigé agus salsa atá romhat. Níl ach ocht rian anseo, ach tá an caighdeán chomh hard sin tríd is tríd go mbeadh jab agat rian ar leith a mholadh thar cheann eile. 

Mar sin féin, táim faoi gheasa faoi láthair ag salsa suáilceach ‘Maria La Bonita’ le Nelson Y Sus Estrellas agus ag boogaloo bríomhar ‘Negro Soy’ de chuid Orquesta La Playa. Bí ag faire amach, leis, do chóiriú Laidineach Los Cuatro Monedos den amhrán mór reigé ‘007 (Shanty Town)’ de chuid Desmond Decker. ¡Musica sabrosa!

Andy Stott – Never The Right Time (Modern Love)

An rud a thaitníonn liom faoi cheol an chumadóra seo, atá ag cur faoi in Manchester, ná nach mbíonn a fhios agat riamh cad go díreach a bheidh romhat nuair a bhuaileann tú an cnaipe seinnte ar shaothar úr dá chuid. Bíonn léamh ar leith aige ar pé stíl a thugann sé fúithi.

Albam é Never The Right Time atá go mór faoi chomaoin ag an ábhar éisteachta a roghnaigh Stott chun cabhrú leis féin chun an fhulaingt phearsanta a bhí i gceist le tréimhsí dianghlasála na bliana 2020 a mhaolú. Tá blas láidir na cumha agus na soghontachta ar na pop-amhráin theibí chaoindéanta agus píosaí uirlise seo. Ceol domhain ina bhfuil macallaí le clos de cheol mavairicí mar Cocteau Twins, Gavin Bryers, Leila, Autechre agus Prince. 

SCÉALTA EILE