Comhairle Stacey Pullen Detroit don DJ óg

Nuálaí DJ é Stacey Pullen Detroit a bhfuil cáil air mar roghnóir ceoil leictreonaigh croíúil a shiúlann a bhóthar féin i gcónaí in áit cloí le gnás na haimsire. Agus é ag gigeáil mórthimpeall na cruinne ó lár na 1990idí ar aghaidh, is léiritheoir ceoil i stíl teicnicheoil Detroit chomh maith é Pullen, ceird a d’fhoghlaim sé faoi stiúir laoch mór an cheoil leictreonaigh ón “Motor City”, Derrick May. 

Is beag iontas, mar sin, gur roghnaíodh Pullen chun an chéad eagrán de shraith nua, ‘Detroit Love’, a chur le chéile do stiúrthóir na sraithe, Carl Craig. 

Turas snasta é ‘Detroit Love Mixed By Stacey Pullen’ trí spiorad ceoil na cathrach, agus léirithe ann ó leithéidí Marcellus Pittman, DJ 3000, Soulphiction agus Delano Smith le clos fite fuaite ina chéile. 

Tar éis lae sa stiúideo, shuigh Pullen síos chun a sheacht nod don DJ núíosach a roinnt le NÓS. 

Nod #1. Is fearr a bheith in am ná in antráth, agus gach rud ina áit féin

“Is cuma cén stíl cheoil a roghnaíonn tú a chasadh, ná dein dearmad gurb é an rud is tábhachtaí ná an rian ceart a chasadh sa tslí cheart ag an am ceart.”

Nod #2. Ná géill don fhaisean

“Le do thoil, ná cas rian áirithe ná stíl áirithe cheoil gan aon chúis ach go bhfuil an-tóir air.”

Nod #3. Níor chaill fear an mhisnigh riamh é

“Ná bíodh eagla ort dul sa seans. Cuimhnigh, siad na DJannaí atá freagrach as treo na hoíche a stiúradh, ní an lucht rince.”

Nod #4. Bí ar an eolas

“Bíodh d’obair bhaile déanta agat, le do thoil. Bíodh tuiscint agat ar an gceol a chasann tú, agus cur amach agat ar na ceoltóirí agus léiritheoirí atá freagrach as.”

Nod #5. Seachain macnas na colainne agus peaca an chraois

“Ná téigh thar fóir le gníomhaíochtaí seach-churaclaim faid is atá tú ag DJáil. Cuirtear pé rud is mian leo ar fáil do DJannaí uaireanta agus tá sé rófhurasta dul thar fóir.” 

Nod #6. Bí stuama i dtaobh na fuaime

“Fair ar na leibhéil ar do mheascthóir, agus déan cinnte go bhfanann tú amach as na LEDannaí dearga chomh mór agus is féidir. Is furasta tuirse a chur ar do chluasa, fiú muna dtugann tú faoi ndeara ag an am é.”

Nod #7. Ná bí ag brath ar gach sás agus áis theicneolaíoch

“Más díreach ag tosnú ag foghlaim na DJála atá tú, déan iarracht tabhairt faoi cheirníní vinile a mheascadh, nó fiú foghlaim ar CDJannaí a fhaid is nach mbaineann tú úsáid as na cnaipí sinc.”

Detroit Love Mixed By Stacey Pullen le fáil anois ar lipéad Detroit Love/!k7.

SCÉALTA EILE