COMÓRTAS: Dhá thicéad do Kneecap le buachan!

Tá dhá thicéad do ghig Kneecap i mBéal Feirste le bronnadh againn ar léitheoir dílis dár gcuid! 

Tá an triúr ceoltóirí is mó i saol na Gaeilge, Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí ag filleadh ar a gcathair dhúchais an tseachtain seo tar éis camchuairt Éireann a chur díobh. Más maith leatsa iad a fheiceáil ina steillbheatha san Empire i lár chathair Bhéal Feirste, tá cúpla bealach ann le cur isteach ar an gcomórtas. 

Más ar Facebook atá tú: tabhair ordóg don phostáil seo agus cuir clib ar an gcara a thabharfaidh tú leat sna tráchtanna thíos faoi. 

Más ar Instagram atá tú: tabhair croí don phictiúr seo agus cuir clib ar an gcara a thabharfaidh tú leat sna tráchtanna thíos faoi. 

Más ar Twitter atá tú: tabhair croí agus athghiolc don ghiolc seo agus cuir clib ar an gcara a thabharfaidh tú leat sna tráchtanna thíos faoi.  

Fógrófar buaiteoir an chomórtais roimh an ngig, a bheidh ar siúl Déardaoin 28 Feabhra ag 20.30. Mura n-éiríonn leat sa gcomórtas, tá ticéid fós ar díol ar £12.50. Is é JyellowL a bheidh ina cheoltóir taca ar an oíche.