Le breis agus scór bliain anuas tá borradh ar ainmneacha Gaeilge i measc bhannaí ceoil in Éirinn.
Seans maith go bhfuil sé tugtha faoi deara agaibh ach ó aimsir ‘Sweeney’s Men’, ‘The Johnstons’, ‘Planxty’, ‘The Bothy Band’ agus ‘Skara Brae’, tá an lámh in uachtar anois ag ainmneacha Gaeilge.
Ba iad Clannad, agus ansin Dé Danann agus Macalla sna hochtóidí, a leag an bealach do ghrúpaí amhail Altan, Déanta, Danú, Solas, Beoga, Caladh Nua, Fidil agus eile.
Ar chuid de na grúpaí leis na hainmneacha is aistí, tá Kíla, Bréag agus Mo Hat Mo Gheansaí.
Labhair siad le NÓS faoin dóigh ar tháinig siad ar ainm an ghrúpa.
Kíla
Is é Rónán Ó Snodaigh, príomhamhránaí Kíla, a bháistigh Kíla ar an bhanna siar in 1987 i dteach tábhairne an ‘Baggot Inn’, i gcroílár Bhaile Átha Cliath.
I ndiaidh seisiún buscála ar Shráid Bhagóid d’iarr fear a bhí ag éisteacht leo gigeanna a dhéanamh thar sáile.
‘Cogar’ a bhí ar an ghrúpa ag an am, ach bhí sé ar intinn acu é a athrú.
“Caitheamh ‘Cú Chulainn’ agus ‘Setanta’ isteach san áireamh, ach ceapadh go raibh siad ró-ghar d’ainm a cuireadh ar ghrúpa bailéid,” arsa Rossa Ó Snodaigh ó Kíla.
“Bhí Rónán ag breathnú thart ar a raibh sa bhéar agus spreagtha ag buidéal tequila, dúirt sé ‘Céard faoi ‘quila’?”
Agus b’shin a dúradh leis an fhear a bhí ag iarraidh orthu gigeanna a dhéanamh.
“Chuaigh mé abhaile ansin agus tháinig mé ar sheacht litriú éagsúla chun ‘quila’ a litriú, i nGaeilge agus i mBéarla, agus an ceann ba dheise ná Kíla.”
Is iomaí brí timpeall an domhain a d’aimsigh baill Kíla ar a n-ainm ó shin.
Sa tSeapáinis ciallaíonn sé ‘drithliú’, sa Svahaílis ciallaíonn sé ‘chuile rud’, i Sanscrait ‘lasair’ nó ‘inspioráid’ atá ann agus sa Pholainnis tagraíonn Kíla don ghalar ‘sifilis’.
Bréag
Is é Diarmuid Ó Breasláin, iarbhainisteoir ar Ghlór na nGael ag an am, atá ciontach as ‘Bréag’ a chur ar laochra reigé Bhéal Feirste siar in 1994.
Bhí Caoimhín, Peadar agus Nic, bunaitheoirí an ghrúpa, ar fad ag obair le Glór na nGael agus ag plé le amhráin Ghaeilge do pháiste Gaelscoile.
“Diarmuid a chuir brú orainn páirt a ghlacadh i gcomórtas le haghaidh amhrán nuachumtha Gaeilge i nGaillimh,” arsa Caoimhín Mac Giolla Catháin, príomhamhránaí Bréag.
Ghlaoigh lucht eagraithe an chomórtais ar an oifig ag lorg ainm don ghrúpa agus d’fhiafraigh Diarmaid dóibh cad ba cheart dó a rá leo.
“Dúirt mé leis ‘Inis bréag dóibh’, mar nach raibh ainm againn”.
Rinne Diarmuid amhlaidh.
Níl aon duine de bhall Bréag ró-thógtha faoin ainm ‘Bréag’ ach ‘Bréag’ atá ann agus mairfidh sé go deo anois!
Mo Hata mo Gheansaí
Máthair na beirte deartháireacha Oisín agus Tadhg Pello-Walsh, Toni Walsh, a tháinig ar an ainm ‘Mo Hat Mo Gheansaí’.
Is ina dteach baile in Áth an Fuiseoige, Cill Mhantáin, a bhí sí nuair a bhuail an smaoineamh í.
Imeartas focal ar ainm ghúrú na saoirse Mahatma Gandhi atá ann.
“Tháinig sí abhaile óna bheith amuigh lena cara agus dúirt sí gur thaitin Mo Hat Mo Gheansaí léi,” arsa Oisín.
“Bhí muid ag déanamh go leor stuif i nGaeilge ag an am agus thaitin fuaimniú na bhfocal agus an fhoghraíocht go mór linn.”
Cé go gcothaíonn sé deacrachtaí in amanna, go háirithe i measc daoine nach bhfuil Gaeilge acu, táthar an-bhuíoch de mhamaí Mo Hat Mo Gheansaí as an ainm a aimsiú.