Tá albam aonair nuasheolta ag Jason O’Rourke de cheol an chonsairtín, agus tá an fear féin chun cóip chrua agus leagan digiteach snasta den albam a bhronnadh ar bheirt léitheoirí ádhúla. Léigh faoi ‘The Northern Concertina’ agus éist leis anseo.
Don Ruairceach, is faoin rithim ar fad atá sé!
Agus thuigfeá sin ach cluas a thabhairt dá shaothar is déanaí.
15 bliain ó shin a eisíodh an chéad albam aonair leis, The Bunch of Keys, cé go bhfuil fear Bhéal Feirste le cloisteáil ar thaifeadtaí eile idir an dá linn.
Is é atá sa bailiúchán nua seo ná 14 rian de cheol traidisiúnta de chuid an tuaiscirt, a bhfuil foinn fhuinniúla bheoga agus foinn níos moille le cloisteáil air, chomh maith le tiúineanna nuachumtha le O’Rourke agus cornphíopa a chum an fidléir aitheanta as an chathair cois cuain Andy Dickson.
“Is meascán d’ábhar nua agus de cheol traidisiúnta atá san albam, tiúineanna a chluintear go minic agus roinnt nach mbíonn ró-mhinic á seinm. Tá mé ag súil go bhfuil rud ann don uile duine,” arsa Jason le NÓS.
Ar cheann de na foinn nuachumtha a mheall mo chluas tá ‘To Hell with Austerity’, an tríú sleamhnán ar an rian seo thíos.
Tugtar le fios sna nótaí atá ag gabháil leis an albam gur spreagadh fear an chonsairtín chun an tiúin seo a chumadh i ndiaidh comhrá a bheith aige le polaiteoir áitiúil aimsir an olltogháin 2015.
Ag labhairt dó leis an pholaiteoir dúirt O’Rouke “To hell with austerity – we’ll write, and play tunes, and dance like we always did”.
Tá blúiríní deasa eolais mar sin ar fáil d’achan rian.
Tá scoth na gceoltóirí i mbun ceoil ar thraiceanna éagsúla, ina measc Teresa Clarke (fidil agus pianó), Stevie Dunne agus Tim Edey (na giotáir) agus Seonaid Murray ar an sacsafón teanóir.
Ón tús bhí O’Rourke dírithe ar leagan den albam a chur ar fáil go digiteach, mar gurb é sin an dóigh a n-éisteann cuid mhaith daoine le ceol sa lá inniu.
“Ach is duine mé de chuid na seanré go fóill agus is maith liom an chóip chrua a bheidh i mo lámh agam, chomh maith leis an ealaín agus na nótaí atá ag gabháil leis,” ar sé.
Do Northern Concertina roghnaigh sé pacáiste digiteach a bhfuil ealaín agus leabhrán 8 leathanach ag gabháil leis na rianta.
Tá sé déanta go snasta agus go slachtmhar aige.
Fear ildánach is ea é O’Rourke, a bhfuil féith na scríbhneoireachta ann chomh maith le scoth an cheoil.
Le trí bliana anuas is ar a shaothar cruthaitheach atá sé dírithe i ndiaidh dó an clúdach litreach bán a fháil sa bhliain 2012, a chuir deireadh lena phost lánaimseartha sna seirbhísí airgeadais.
“Ag coimhéad siar ar an chéad chúpla bliain, bhí siad iontach deacair, ach tá mé iontach sásta gur lean mé orm,” arsa seisean.
“Cinnte bhí mé ag dul sa seans agus bhí dúshlán go leor i gceist leis an chéad bhliain go háirithe. Bhí orm mé féin a athchruthú, agus in amanna ní raibh mórán sna pócaí agam.
“Ar an lámh eile, d’fhoghlaim mé go leor fúm féin agus bhí ag éirí liom rudaí a bhaint amach a bhí mar aislingí agam na blianta roimhe.”
Tá albam Jason ar fáil anseo. Chun cóip de a bhuachan, déan atweetáil ar an scéal seo ar Twitter nó tabhair like dó ar Facebook.
Clúdach: Neil Shawcross