‘Corcra’ – Albam nua le Gráinne Holland le seoladh anocht

Seolfar albam nua an amhránaí Fheirstigh, Gráinne Holland, anocht san Eaglais Phreispitéireach ar Shráid Rós Mhuire i mBéal Feirste. Is é Corcra an chéad albam ó Ghráinne, a bhíonn ar an stiúir d’Fhíseáin NÓS, ar a bhfuil a cuid amhrán féin le cloisteáil. 

Beidh an t-albam féin ar fáil go forleathan ar Lá Fhéile Bríde ach beidh Gráinne ag casadh beo ag gigeanna éagsúla idir seo agus sin  — anocht i mBéal Feirste, tráthnóna Dé Domhnaigh ag an bhféile Celtic Connections i nGlaschú, agus sa gCultúrlann i nDoire mar chuid den Imbolc Festival ar an 31 Eanáir. 

 Deich n-amhrán nuachumtha ar fad atá ar an albam nua, ina bpléitear réimse leathan téamaí —  an grá, an dúlagar, an bás, an sonas agus eile. ‘Mise agus Tusa’ an chéad rian ar an albam, amhrán grá a scríobh Gráinne dá fear céile, Frainc. Tá amhrán ann faoi bhás a athair, Harry, breis agus deich mbliana ó shin, chomh maith le breith a mic, Naoise, beagnach ceithre bliana ó shin. 

Rugadh agus tógadh Gráinne i mBéal Feirste agus cothaíodh grá don cheol Gaelach inti agus í an-óg. D’fhreastail sí ar an gcéad scoil lánGhaeilge sa gcathair agus spreagadh ansin í a spéis sa gceol a fhorbairt. 

Seo í an tríú halbam ó Ghráinne in imeacht ocht mbliana. Eisíodh Teanga na nGael in 2011, bailiúchán amhrán traidisiúnta, agus eisíodh Gaelré in 2015, ar a bhfuil an rian ‘An Drúcht Geal Ceo’, leagan Gaeilge de ‘The Foggy Dew’ atá ar cheann de na míreanna is mó rath ar NÓS ó bunaíodh an suíomh. 

In éineacht le Gráinne ar an albam nua tá ceoltóirí cumasacha ar nós Brian Finnegan (feadóga agus fliúit), Sean Óg Graham (giotár, coirdín, dordghiotár), Cormac Mac Carthy (pianó), Niamh Dunne (fidil), John Joe Kelly (bodhrán), agus daoine eile nach iad.  

Féadtar Corcra agus albaim eile Ghráinne a cheannacht ar a suíomh oifigiúil anseo, mar a bhfuil eolas faoi cheolchoirmeacha ar fáil freisin. 

SCÉALTA EILE