Corn Uí Chon Cheanainn, Coláiste na hOllscoile, BÁC / Dé Sathairn 18 Aibreán @ 14:00
Beidh fuaimeanna an tsean-nóis le clos go tréan san Ardchathair an deireadh seachtaine seo.
I gColáiste na hOllscoile amárach beidh scoláirí tríú leibhéil ag glacadh páirte i gcomórtas amhránaíochta ar an sean-nós agus iad in iomaíocht do Chorn Uí Chon Cheanainn.
Seo an chéad bhliain don gcomórtas atá á eagrú i gcuimhne ar Chiarán Ó Con Cheanainn (thuas), amhránaí agus scoláire a bhuaigh Corn Uí Riada sa bhliain 2008, bliain sular éag sé go tragóideach.
Is í Áine Ní Bhreisleáin ó Nuacht RTÉ/TG4, agus cara mór le Ciarán, a bheidh mar bhean an tí ag an ócáid ina rachaidh mic léinn ar ardán don gcorn agus duaiseanna iontacha eile.
Is faoi thriúr a bhfuil taithí mhaith acu ar chomórtais amhránaíochta a bheidh an cinneadh faoi cé acu a thabharfaidh leo an corn – sin iad Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, Máiréad Ní Fhlatharta agus Aodán Ó Ceallaigh.
Sean-Nós Cois Life, Ionaid Éagsúla, BÁC / 17-19 Aibreán
Tá an fhéile ‘Sean-Nós Cois Life’ ar siúl chomh maith an deireadh seachtaine seo sa Phríomhchathair.
Cuirfear tús leis inniu agus leanfaidh sé go dtí an Domhnach.
I measc na n-amhránaithe a bheidh ag glacadh páirte sna himeachtaí, tá Liam Mac Con Iomaire, Aodh Ó Coileáin, Seán Ó Gairbhí agus na deartháireacha Uí Fhearghaíl ós Na Déise – Seán agus Caoimhín.
I láthair chomh maith beidh an rinceoir Sibéal Davitt (thuas) le cúpla steip a dhéanamh.
Buaicphointe na féile, dar le go leor gur labhair mé leo faoi, ná seisiún mór amhránaíochta an Domhnaigh i dTigh Hughes, ar Shráid na Seansaireachta.
Ionaid agus uaireanta le fáil anseo.