Corn Uí Riada buaite ag Bríd Ní Mhaoilchiaráin den tríú huair

Tá Corn Sheáin Uí Riada buaite ag Bríd Ní Mhaoilchiaráin as Roisín na Mainiach i gCarna den tríú huair. Bhí Bríd, a bhuaigh an comórtas mór amhránaíochta in 2002 agus in 2015, i measc an ochtair a fuair an glaoch ar ais san INEC in Óstán an Gleneagle i gCill Airne anocht.

Ceithre dhuine dhéag ar fad a ghlac páirt sa chomórtas anocht, a bhformhór acu sin as Gaeltacht na Gaillimhe.

Is í Bríd an tríú duine a bhfuil Corn Uí Riada buaite trí huaire aici. Bhuaigh Nóra Mhic Dhonnacha sna blianta 1987, 1989, agus 1993 é agus bhuaigh Éamon Ó Donnchadha sna blianta 1997, 2003, agus 2005 é. Bhuaigh naonúr eile an comórtas faoi dhó ó tiomnaíodh an corn don chumadóir agus ceoltóir aitheanta as Corcaigh Seán Ó Riada. Bhásaigh an Riadach gan ach an dá scór slánaithe aige i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1972 agus ainmníodh corn phríomhchomórtas amhránaíocht an Oireachtas as an bhliain chéanna.

Ba é Corn Chomhlucht an Oideachais príomhdhuais an chomórtais amhránaíochta ag Oireachtas na Samhna sula bhfuair Seán Ó Riada bás. Bhuaigh an t-amhránaí Nioclás Tóibín an corn sin trí huaire in 1961, 1962, agus 1963.

Fágann a bua nach mbeidh cead aici páirt a ghlacadh i gCorn Uí Riada arís.

SCÉALTA EILE