Ar deireadh thiar thall seo chugainn albam début Girl Band, ceathrar fear as Baile Átha Cliath a bhfuil cáil idirnáisiunta orthu as an ionsaí clagach de noise-punk tionclaíoch a bhfuil ina seó beo.
Ghnóthaigh Girl Band an marc 7.2 as 10 ar bharaiméadar ceoil an hiopstar-indie Pitchfork.com, don The Early Years EP a d’eisigh ceirníní Rough Trade san Earrach.
Ba í tuairim an scríbhneora seo ag an am go raibh an EP úd ag brath an iomarca ar leaganacha d’amhráin le ceoltóirí eile (‘I Love You’ le Beat Happening agus ‘Why They Hide Their Bodies Under My Garage’ leis an léiritheoir techno Blawan) chun tomhas ceart a fháil ar fhiúntas ceol stiúideo Girl Band.
Ní raibh aon dul amú orm amhras a chaitheamh orthu: is cuma an rac damanta a dhéanann Girl Band is iad ag casadh beo, is beag amhrán maith atá le clos ar Holding Hands With Jamie.
Ach ní sin príomh-laigeacht Girl Band.
Tá éirí in airde agus forcamás Dara Kiely, amhránaí an ghrúpa, ina chonstaic níos mó i mbealach an éisteora ná na droch-amhráin.
N’fheadar le Kiely ó nóiméad amháin go nóiméad eile an ag déanamh droch-aithrise ar Mark E Smith ó The Fall nó Stephen Malkmus ó Pavement atá sé.
Nuair atá liricí Kiely le clos thar fhuaim bhreá scrábach an chompántais, níl iontu ach ráiméis (“You just shit in my neighbour’s garden” – ‘Baloo’, “Covered in Sudocrem and talking to myself, garlic and curry cheese chips” – ‘Pears For Lunch’ ).
Bheadh línte mar iad inghlactha, b’fhéidir, ó bhéal Mark E Smith, ach nílid, faraor, ó chlab Kiely.
Crá agus táimhe meánaicmeach, a mhac: tar ar ais chugham nuair atá rud éigin le rá agat!
Is é an trua é, is bheadh saghas náire ort ar son bhaill eile an ghrúpa, mar tá faobhar ceart ar fhoruathair spleodaracha ‘Paul’ agus ‘The Witch Doctor’.