‘Cracks’ agus Albaim eile na Míosa

Floating Points, Pharoah Sanders & The London Symphony Orchestra – Promises ( Luaka Bop)

Ní minic a bhíonn sceitimíní orm, le fírinne, ach bhíos ar bís ar fad chun éisteacht leis an saothar comhoibrithe seo de chuid Sam Shepherd (Floating Points) — léiritheoir ceoil leictreonaigh — agus duine d’fhíoruaisle an tsnagcheoil, an sacsafónaí Meiriceánach Pharoah Sanders.

Níl díomá orm –  seo ceann d’albaim na bliana, gan aon agó.  

Píosa siansa atá i gceist, é bunaithe ar mhóitíf shimplí sheacht nóta.  Is aoibhinn mar a thagann agus imíonn na nótaí sin as raon na gcluas, ar nós tuile agus trá na taoide, i gcaitheamh na 46 nóiméad a mhaireann naoi ngluaiseacht Promises.  

Manna as na flaithis.

Eomac – Cracks (Planet Mu) 

Is leathchuid é Ian McDonnell den dís teicneocheoil as Baile Átha Cliath, Lakker. Agus taifeadta tar éis do McDonnell filleadh ó Bheirlín chun dul ag maireachtaint i gceantar tuaithe i gCill Mhantáin, is saothar é Cracks ina ndéantar machnamh ar scoilteanna éagsúla an tsaoil seo – na scoilteanna a ligeann an solas isteach, fé mar a chan Leonard Cohen tráth dá raibh, agus an polarú idé-eolaíoch a chruthaíonn scoilteanna sa tsochaí. Scoilteanna a chífeá sa tírdhreach féin, fiú.

Albam dúshlánach é in amanna, agus McDonnell ag tarraingt go ceanndána ar eilimintí de cheolta grime, shoegaze, agus tréan-teicneocheol brúidiúil, ach saothar ealaíonta é freisin a bhfuil luach cátaoireach ar leith ann ach fanacht go dtí go bhfuil an spionn ceart ort (crosta, abair!) chun tabhairt faoi.

Ceoltóirí Éagsúla – Blunted Breaks Vol. 2 (Western Lore)

Tá plúr na léiritheoirí ceoil jungle comhaimseartha ar an mbailiúchán spleodrach seo a d’eisigh an lipéad ceannródaíoch atá lonnaithe in Bristol Western Lore le déanaí. Ceol iontach teicniúil, fuinniúil atá romhat anseo ó leithéidí Tim Reaper, Eusebeia, Dead Man’s Chest, Double O, Sonic, Sam Binary, agus Response & Pliskin. Buillí níos tapúla ná luas na smaointeoireachta agus níos gairbhe ná bheith ag gráínteacht gráinneoige. Dordlínte atá níos doimhne ná an Trinse Máirianach léirithe ag fir óga atá níos uaillmhianaí ná foireann caide Bhaile Átha Cliath. Nuair a deirimse “rewind” táim ag iarraidh ar gach deisceabal dufaire sin áit a lastóir a chur san aer láithreach! 

SCÉALTA EILE