Le fás an nuacheoil Ghaeilge tá fás ag teacht chomh maith ar fhíseáin cheoil inár dteanga féin.
I mbliana ní gá ach smaoineamh ar eisiúintí Choláiste Lurgan, Kíla agus Rís chun léiriú a fháil ar chuid den ábhar tarraingteach atá ar fáil ar Youtube agus ar chainéil eile idirlín.
Is féidir ceann eile a chur leis an liosta sin anois mar go bhfuil físeán gleoite foilsithe ag an mbanna óg as Gaoth Dobhair, An Crann Óg, in éineacht leis an John Lennon Educational Tour Bus.
Is é atá i gceist leis an mbus seo ná togra neamhbhrabúis a thaistealaíonn timpeall na hEorpa agus SAM chun deis a thabhairt do dhaoine óga a gcuid ceoil a thaifeadadh agus a léiriú.
Bhí an bus, atá ainmnithe go deimhin in ómós an Beatle fadbhreathnaitheach John Lennon, ar cuairt in Éirinn thar an samhradh agus ba i nGaeltacht Thír Chonaill a thaifead siad ‘Crann Úll’, amhrán a chuir Clannad os comhair an tsaoil ar dtús breis agus 30 bliain ó shin.
Le feiceáil san fhíseán deas samhrúil tá Cathal ‘Banjo’ Ó Curráin, fear óg a raibh cnag aige cheana féin i mbliana leis an ‘Anois tá mé liom féin’ beoga agus a bhuaigh an chéad áit san amhránaíocht faoi 18 ag Fleadh Cheoil na hÉireann cúpla seachtain ó shin.
Tá An Crann Óg féin díreach tar éis albam úr Fuaim an Chiúnais a eisiúint mar sin má thaitníonn an físeán thuas leat, coinnigh súil ar a leathanach Facebook le haghaidh gigeanna.