Crystal Stilts – Nature Noir

Tar éis tagairtí go leor do cheol samhraidh ar leathanaigh NÓS le trí mhí anuas, seo albam atá go mór in oiriúint don athrú séasúir.

‘Nature Noir’ a bheadh uait ar na cluasáin agus é ag stealladh báistí anuas ort maidin Luain agus tú fanacht ar bhus nach stopann in aon chor duit ar deireadh. Ceol gruama nihilíoch a dhéanann nádúr éadaingean éadairbheach an tsaoil seo (i dtuairim Crystal Stilts, pé scéal é) a cheiliúradh. Mar a chanann Bhrad Harget ar Sticks And Stones, “the truth of it is, all these beautiful kids, they are made to go astray”.

Nuair a eisíodh albam début Crystal Stilts Bhrooklyn, ‘Alight Of Night’, siar i 2009 ní raibh aon rud ag baint leo lena scaradh amach ón iliomaid grupaí indie eile.

Tá faobhar curtha ar an bhfuaim acu ó shin; eilimintí garage rock, ceol sícidéilach, punk agus ceol tíre comhshamhlaithe ina gceol fíneálta iar- phunc féin acu. Ceol a bhfuil macallaí de ghrupaí mar The Velvet Underground, Suicide, Galaxie 500 agus Bauhaus ann, is fíor, ach go bhfuil a mblas féin fós ar.

Tá an ‘Spirit In Front Of Me’ mall iontach báite le glór an ghiotáir aisfhuaimnithe, nótaí nathracha aisiompaithe agus ciombail dhrithlíneacha ag eitilt tríd an réimse fuaime. Leagann ‘Future Folklore’ pianó na ngormacha anuas ar fhuinneamh agus bús Iggy & The Stooges, Hargetag samhlú deis éalaithe aige féin agus a leannán ón ndomhain seo go Gáirdín Pharthais, agus peaca na sinsear glanta dóibh. Baineann ‘Phases Forever’ agus an ‘Memory Room’ lena churfá caointeach úsáid as cumhacht drámatúil na dtéaduirlisí gan ligint dóibh dul thar fóir.

Is bun agus barr Crystal Stilts é amhránaíocht Harget, bíodh sé an- chosúil le stíl Alan Vega ón ngrúpa próta- punc leictronach Suicide.

Sa ré iar-phunc seo ní gá go mbeadh easpa cumais amhránaíochta ina bhac ar dhuine a mbeadh fonn orthu bheith ina rac-amhránaí, ach tá cur i láthair Harget i bhfad Éireann níos sásúla agus níos údarásaí anois go bhfuil sé tar éis glacadh le fírinne a raoin chúing ghutha.

Tá raon a mhothúchán chomh cúng céanna, ag malartú idir anó agus géilliúlacht den chuid is mó. Más searbh a chuid macnaimh, nílid gan bhrí – mar a deir sé ar ‘Memory Room’, “save the shiney afterlife, let’s enjoy who we are.”

Bainimís tairbhe as tochailtí Crystal Stilts i mianach saibhir an chrá.