Cad é seo, go dÃreach?Â
Thug úinéir an lipéid ceoil Air Texture, James Healy, dúshlán do Steffi agus Martyn, DJanna tà ag Berghain/Panorama Bar in Berlin, tiomsachán de rianta ceoil leictreonach ó léiritheoirà éagsúla, nár eisÃodh go dtà seo, a chur le chéile don séú heagrán bliantúil sa tsraith Air Texture.
An t-aon choinnÃoll ná nach mbeadh rianta móra don urlár rince i gceist, agus tá idir cheol IDM, theichnicheol, leictreo agus cheol druma is doird ceirbreach le clos thar 26 rian.
Bà ag súil le ceol úr ó Actress, Shed, KiNK, FaltyDL, Appleblim, As One, Total Science, agus dBridge a taifeadadh i dteannta James Lewis na hÉireann.Â
 An bhfuil aon mhaith ann?Â
Aon mhaith?! Más ceol domhain leictreonach a shásaÃonn riachtanais na gcluas agus an na colainne atá uait tá tiomsachán na bliana aimsithe agat.Â
LéirÃonn ardchaighdeán na rianta atá bronnta ag léiritheoirà mór le rá mar Shed agus KiNK ar Steffi agus Martyn do Air Texture VI an meas atá ag léiritheoirà i gcoitinne ar an mbeirt. NÃos spéisiúla ná sin, tugann scoth na rianta anseo, ó lámha léiritheoirà nach mbeadh aon chur amach agat orthu (Afik Naim, Mesak, Late Night Approach, léargas ar luach Steffi agus Martyn mar thaiscéalaithe a bhÃonn ag aimsiú seod sonach de shÃor.Â
Tóg buillà droimneach agus cordaà leaisteach ‘Sad Smile’ ón léiritheoir dubchéime V.I.V.E.K., mar shampla. Nó fuaim leictreo glan, spárálach ‘Shelby’ de chuid 214.Â
An mbÃonn dub-teicnicheol drithlÃneach fomhuirà Answer Code Request (‘Pasiris’) ar na cluasáin ag na mÃolta móra mara agus an ghrian ag dul faoi? Déarfainn é!
Tugann ‘Watercolour Challenge Part II’ le Actress siar go fuaim na gcnuasach Artificial Intelligence a d’eisigh ceirnÃnà Warp ag tús na 1990 sinn, é ar nós Speedy J a cumadh ceoil i dteannta Aphex Twin istigh i bhfolcadán analógach.Â
Scaipeann an ‘Into Bleeps’ iontach le Shed scata blÃpeanna leictreonach thar chordaà teann dordveile agus buillà griothalach, mar a mbeadh cluiche faoileáin ag eitilt os cionn na tréanmhara.
Is fiú iarrachtaà Tracing Circles, FaltyDL, agus Martyn is Steffi féin a mholadh, freisin.
LaigÃ? D’fhiafraigh mé do thaobh mÃthrócaireach mo choinsiasa. Freagra nà bhfuaireas!
An breithiúnas? Bailiúcháin den gcéad scoth a nochtann gnéithe follasacha le áth-éisteacht.