Má tá tú cosúil liomsa, éisteann tú le han-chuid ceoil nuair atá neart mothúchán ag eitilt timpeall i d’aigne agus i do chroí. Scaoiltear roinnt den strus ón saol, faightear tearmann de shaghas éigin sna liricí, mothaítear comhbhrón san fhonn agus ardaítear an croí le cumhacht agus tuiscint an amhránaí.
Má tá tú cosúil liomsa, tá tú bréan bailithe den phatrarcacht agus den domhan a chaitheann go héagórach le mná. Beidh seinnliosta de dhíth ort inniu mar sin, agus creid é nó ná creid, tá níos mó rogha amuigh ansin ná Queen Bey le cabhrú leat. Inniu, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, guím ort sólás, neart agus dlúthpháirtíocht ó na hamhráin thíos.
Laura Mvula – That’s Alright
Gealgháireach, spreagúil ach láidir – tugann an t-amhrán seo misneach dom aon uair go dtagann lagmhisneach orm. Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar an nuacht! Cuireann Mvula an cheist “Who made you the centre of the universe?” ag tagairt d’fhir heitrighnéasacha gheala – an fhoirm a ghlacann an phatrarcacht agus an geimhliú ar éinne nach fir heitrighnéasacha gheala iad. Tá sí ag tabhairt cead do mhná de chine daite a bheith sásta agus bródúil iontu féin, tá sí ag rá le mná gach áit nach gá dóibh glacadh le caighdeáin áiféiseacha an tionscail áilleachta agus na drochthionchair seo uile a shéanadh – “beidh sé alright!” Ní thitfidh an tóin as gach rud!
First Aid Kit – You Are the Problem Here
Tá an ceann seo píosa beag níos dorcha, ach tá teachtaireacht tábhachtach le léiriú ag First Aid Kit. Leis na scéalta uile a tháinig chun solais mar gheall ar chiapadh gnéis le blianta beaga anuas agus an ghluaiseacht #MeToo, déanann an t-amhrán seo tagairt do na daoine a rinne na hainghníomhartha seo, chomh maith le buairt na n-íospartach. Ní ar íospartach an locht gur leag fear a lámh uirthi gan chead, ní ar an gcailín a bhí rósceimhlithe le ‘no’ sonrach a rá an locht, agus cinnte, ní ar an alcól an locht d’iompar gránna mar seo: “no one made you do anything, that’s not how liquor works.” Tá an fonn feargach agus fíochmhar agus lán le fulaingt. Tá súil agam go dtabharfaidh sé faoiseamh d’aon chailín nó d’aon fhear a ndearnadh ciapadh orthu riamh. Seasfaimid libh. Creidimid sibh.
Martha Wainwright – Bloody Mother Fucking Asshole
An bhfuil a fhios agat na drochlaethanta sin? Nuair atá frustrachas an domhain ort agus go bhfuil tú réidh leis an gcacamas uilig – na meáin ag caitheamh anuas ort mar bhean, “Ná caith sin, faigh seo, tá tú rómhór, tá tú róthanaí, pé rud atá ionat, tá sé mícheart!” An phian uafásach a thagann ar do bhroinn uair sa mhí, pian chomh dona sin go leagann sí thú? An liúdramán san oifig a dhéanann an scigireacht “An bhfuil tú ar do pheeeriod?” An t-iarbhuachaill sin atá fós ag cur teachtaireachtaí chugat do do chrá? Laethanta gur mhaith leat screadaíl in ard do chinn is do ghutha? Éist leis seo. Ní bheidh díomá ort.
Shea Diamond – I Am Her
D’éinne atá imeallaithe ag an tsochaí. Is bean thrasinscneach í Shea Diamond a d’fhualaing an-chuid ina saol le teacht chuig an bpointe seo. Rugadh uirthi sa cholainn mhícheart. Chaith sí 10 mbliana i bpríosún na bhfear de bharr coir a rinne sí lena haistriú a mhaoiniú. Sa lá atá inniu ann, tá sí ag maireachtáil san inscne cheart agus ag díriú ar a gairm cheoil – tá sí láidir agus tá sí cróga. Cuimhnímid ar ár ndeirfiúracha uilig ar Lá Idirnáisiúnta na mBan agus tacaímid le teachtaireacht Shea – “I am her.”
Sia – Reaper
Ceann le do chroí a ardú – is cuma cé chomh deacair a éiríonn an saol casta seo, is aoibhinn a bheith beo i gcónaí.