Cuirfear tús le sraith nua cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna inniu mar chuid de sceideal samhraidh an stáisiúin.
Is é an craoltóir agus an ceoltóir aitheanta Tristan Rosenstock a bheidh ag cur i láthair ‘Cuimhní Ceoil’, sraith ina labhróidh sé le seachtar ealaíontóirí faoi na píosaí ceoil is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ag tréimhsí cinniúnacha dá saol.
“Tá cumhacht sa cheol, agus is minic a thugann píosa ceoil faoi leith siar ar bhóithrín na smaointe muid go dtí am faoi leith, agus daoine faoi leith, inar saol,” arsa Tristan.
“Cloisfimid cuimhní agus nascanna ceoil a thabharfaidh ón gcliabhán go dtí leaba an bháis muid, agus faoin sólás, an misneach agus an spreagadh a thugann an ceol do dhaoine.”
Is leis an aisteoir Bairbre Ní Chaoimh a mbeidh Tristan i mbun comhrá inniu, agus is iad na daoine eile a bhí faoi agallamh aige sna seachtainí amach romhainn ná an t-amhránaí Aodán Ó Ceallaigh, an ceoltóir agus an cumadóir Cormac Breathnach, an damhsóir Sibéal Davitt, an file Seosamh Ó Murchú, an scríbhneoir Eoghan Mac Giolla Bhríde (thuas, in éineacht le Tristan), agus an t-amhránaí opera Bríd Ní Ghruagáin.
Beidh ‘Cuimhní Ceoil’ le cloisteáil gach Máirt ag 2.05in.