Féile Trad an Daingin / 10-13 Meán Fómhair, An Daingean, Co. Chiarraí
Faighim dlúthdhioscaí sa phost ó am go ham, agus mé ag plé le clár ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Fuaireas cúpla dlúthdhiosca le déanaí, go rabhas ana-thógtha leo.
Albam úr Ghráinne Holland ar cheann acu, Gaelré, (féach anseo) agus do tháinig Fuaim an Chiúnais chugam chomh maith, ón mbanna An Crann Óg.
Nach deas nuair a thugann ceol úr ardú croí duit?
Tá albam nua-eisithe ag Méabh Ní Bheaglaoich agus Matt Griffin chomh maith, Cuisle.
Tháinig sé sa phost chugam inné, agus táim ag éisteacht leis ó shin.
Cuireann an ceol atá air mo chuisle ag preababh, agus gan bhréag ná magadh, bhí cnapán i mo scórnach agus mé ag éisteacht le cuid de na hamhráin.
Tá guth álainn, binn ag Méabh, agus is cinnte nach ón ngaoth a fuair sí é.
Tá a hathair ceolmhar, Séamus, le clos ar cheann des na hamhráin ina teannta, ‘Cill Chais’, le tionlacan ó Mhatt.
Amhráin ar fad i nGaoluinn atá acu, seachas leagan de ‘The Sun is Burning’, a d’fhoghlaim Méabh óna hathair.
Is minic Méabh agus Matt ag seinnt i dtigh tabhairne ‘The Mighty Session’ sa Daingean, agus tuigfidh siad siúd a bhíonn i láthair cumas an cheoil atá iontu beirt.
Tá polcaí, poirt, jigeanna, sleamhnáin, agus válsa acu ar an albam seo – is ar an mbosca a bhíonn Méabh ag seinnt; Matt ar an ngiotár.
Méabh Ní Bheaglaoich agus Matt Griffin – cuirfidh siad fonn damhsa oraibh ag am lóin! @TG4TV pic.twitter.com/s4qlDvQ8md
— Mná an Cheoil (@mnaancheoil) July 8, 2015
Bhíodar ag seinnt aréir d’oscailt Fhéile Trad an Daingin, i dTigh na Cúirte ar an mbaile.
Seolfar albam leo amárach, i rith an lae, i dtigh tábhairne eile ar an leithinis, Tigh Uí Fhlaithbheartaigh.
Tá imeachtaí go leor eile beartaithe don bhféile seo, a thosaigh inné, agus a leanfaidh go dtí an Domhnach.
Taispeánfar ábhar cartlainne i bhfoirm an scannáin, ‘The Long Road to the Glenties’, faoi thuras Pete Seeger go Dún na nGall sna seascaidí, agus an lá a chaith sé in éineacht leis an gceoltóir John Doherty.
Beidh coirm na féile ar siúl i Séipéal Naomh Séamus istoíche amárach, le leithéidí Officially Tapped, Seven Glens, agus Darragh Curtin ag soláthair an cheoil; agus beidh Trad-Disco ar siúl, faoi stiúir an DJ Conor Crimmins, óna mheán oíche Dé Sathairn.
Tá éagsúlacht bhreá sa chlár agus le cuntais Facebook, Twitter, Instagram agus Snapchat ag lucht na féile i mbliana, ní gá bheith buartha mura bhfuil fonn ort tabhairt faoin turas fada ó dheas – is féidir a bheith i lár an aonaigh ar d’fón cliste.
Éist le ‘Na Slippery Slides’ le Méabh agus Matt óna n-albam nua Cuisle.
Clár iomlán ar dingletradfest.com