Tá sé go luath ar maidin Luain i mBaile Átha Cliath nuair a bhuailim le Damien Dempsey i stiúideo raidió do chomhrá agus seisiún beo.
“Tá mo ghuth píosa garbh ar maidin,” a deir sé. “Ach beidh an paisean ann go fóill, mar a deirim i gcónaí!”
Níl aon amhras faoi sin. Tá an ceirnín is déanaí Almighty Love eisithe ag Dempsey i bhfómhar na bliana seo caite tar éis ceithre bliana de shos a thógáil, agus go leor a tharla idir an dá linn.
“Chuaigh mé ag spaisteoireacht, i bhfírinne. Bhí an tobar folamh; ní raibh aon rud fágtha ann, agus bhí orm píosa taistil a dhéanamh agus an domhan a fheiceáil sular raibh mé inn ann aon cheol nua a scríobh.
“Dúradh liom uair amháin go gcaithfidh tú tú féin a thógáil amach as an suíomh anois is arís chun go mbeidh tú in ann an mórphictiúr a fheiceáil, agus oibríonn sé sin domsa nuair atá mé thar lear ar feadh tamaill.”
Is dearcadh ar leith atá le mothú sa cheirnín is déanaí seo; is léir go bhfuil an fear as Domhnach Míde i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ag smaoineamh siar ar a óige agus ar a chairde i go leor de na hamhráin, agus ar chuid acu a cailleadh ó shin.
Is amhrán cumhachtach ach tragóideach atá i ‘Chris and Stevie’ a insíonn scéal beirte a chuir lámh ina mbás féin. Críochnaíonn an t-amhrán le líne ar leith á ceol arís agus arís, “Talk to me, tell me how you feel”, agus deir Dempsey liom gur mhaith leis go rachadh sé i bhfeidhm ar aon duine atá ag smaoineamh ar an dóigh chéanna.
“Má tá daoine óga amuigh ansin ag smaoineamh faoi rud éigin a dhéanamh, tá súil agam go dtabharfaidh sé píosa dóchais dóibh agus go labhróidh siad le duine éigin faoi.”
Tá téamaí sóisialta le cloisteáil go forleathan i gceol Dempsey, agus ní haon eisceacht é Almighty Love.
Ar ndóigh tá go leor tar éis tarlú sa tír le roinnt blianta ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de, agus i dtraicéanna ar nós ‘Community’ agus ‘Moneyman’canann Dempsey faoin tábhacht a bhaineann le haontacht i gcoinne na sainte.
Is léir go mothaíonn sé go láidir faoin ábhar sin ach go háirithe, “Bhí mé ag amharc ar an rialtas nuair a bhí mé ag scríobh na n-amhrán sin. Níl iontu ach daoine soipe, puipéid, aisteoirí dea- íoctha!
“Is iad an IMF, an ECB, na daoine seo go léir gan aghaidh atá i gceannas ar an tír anois. Is dóigh liom féin go bhfuil siad ag iarraidh ár n-acmhainní ar an chósta thiar; an ola agus an gás, sin an fáth a bhfuil siad anseo.”
Agus mé ag caint leis, tá Damo ag éirí réidh do roinnt gigeanna timpeall na tíre, agus ansin ar aghaidh leis ar camchuairt chun na hAstráile sna míonna beaga amach romhainn.
Níor rud nua é ar chor ar bith dó a bheith ag seinm d’Éireannaigh atá ar imirce, agus molann sé an taisteal go mór.
“Is rud iontach é d’Éireannaigh óga dul amach ag taisteal. Osclaíonn sé a n-intinn don domhan.
“Ach sílim gur ceart dóibh a bheith cúramach chomh maith; tá sé ró-éasca a éirí gafa sna háiteanna céanna – téann roinnt daoine leathbhealach trasna na cruinne chun ól i dtithe tábhairne Éireannacha le hÉireannaigh eile.”
Is ceirnín cumhachtach machnamhach atá i Almighty Love a léiríonn go rí-mhaith go bhfuil Dempsey in ard a réime go fóill mar dhuine de mhórcheoltóirí na tíre seo.
Ní amháin go bhfuil ceol den chéad scoth le cloisteáil ann, ach insítear scéal mar a fheiceann seisean é ar an oileán ina gcónaíonn muid agus tá a dhearcadh i dtiúin le meon cuid mhór Gael óg faoi láthair.
Má bhíonn seanchaí ann riamh atá in ann scéal na hÉirinn sa lá atá inniu ann a inse, is é Damien Dempsey an duine sin.
Cuireann Cillian de Búrca an clár dátheangach, Guaranteed Irish, i láthair gach Domhnach ar 8in ar Classic Hits 4FM. Is féidir éisteacht ar 94 – 105 FM nó ar www.classichits.ie