Daft Punk – Tron: Legacy

Nuair a fógraíodh le déanaí go mbeadh an sár-ghrúpa damhsa leictreonach Daft Punk ag cumadh fhuaimrian an scannáin úir, Tron: Legacy, bhíothas ag súil go mór le tuilleadh den saothar céanna agus atá eisithe acu go dtí seo.

Ó tháinig siad chun tosaigh sna luath-90í, tá clú agus cáil ar an bheirt Fhrancach Guy-Manuel de Homem-Christo agus Thomas Bangalter as coirmeacha beo a mheasc a gcuid ceoil damhsa teic le seóanna ollmhóra solais, gan trácht ar na cloigne róbatacha a bhí á gcaitheamh acu agus iad ar an ardán.

Thar an 20 bliain sin atá imithe ó shin, tá stíl agus íomhá ar leith cruthaithe ag an bheirt atá chomh so-aitheanta leis na dordlínte troma a chuireann sluaite fud fad na cruinne i mbun damhsa.

Is mór an trua, mar sin, nach bhfuil mórán den fhuaim sin le cloisteáil san albam is déanaí seo dá gcuid.

Ba é an cumadóir mór le rá Wendy Carlos – bean a bhí freagrach as ceol A Clockwork Orange agus The Shining – a chum an scór don chéad scannán a bhuail an scáileán mór siar sa bhliain 1982 agus cé go bhfuil Daft Punk i ndiaidh an bhunfhuaim sin a uasdháthú ar bhealach sofaisticiúil go leor do chluasa an lae inniu, ní éiríonn leo iomlán a ndraíochta féin a chur leis an saothar.

Ba iad na mór-amhráin bhríomhara ar nós Harder, Better, Faster, Stronger agus One More Time a tharraing iomrá ar Daft Punk agus a thóg isteach sna cairteacha iad don chéad uair, ach is í an fhírinne ná nach bhfuil an fuinneamh sin le mothú in Tron: Legacy.

Tá an chuid is mó de na rianta san albam an-ghearr – is léir gur cruthaíodh don scannán amháin iad – agus cé go n-oireann siad don aicsean ar an scaileán, bheadh deacrachtaí ag aon duine éisteacht leo mar phíosaí ceoil leo féin.

Léiríonn rianta mar Derezzed agus The Game Has Changed go bhfuil an-chumas ag beirt Pháras go fóill agus caithfear a rá go dtógtar an fuinneamh agus luas de réir a chéile mar a leanann an t-albam ar aghaidh, ach ar an iomlán ní féidir ach bheith díomach nach mbaineann an grúpa leasa as an deis iontach a fuair siad chun cur leis an scannán seo, scannán a bhfuil an téama todhchaíoch leictreonach ag a chroí mar is amhlaidh acu féin.

Má thaitin an chéad Tron leat agus más suim leat an radharc thar aon ghné eile, bí ag amharc ar an scannán nua atá sna pictiúrlanna anois – is cinnte go mbainfidh tú sult as féin agus as an fhuaimrian a théann in éineacht leis.

Ach má bhíonn sé de nós agat cluaisíní a chur ort agus an airde a bhualadh go barr, ní bhfaighfidh tú an rud atá uait san albam seo… seans gurbh fhearr duit fanacht le Daft Punk clasaiceach nó Deadmau5.

SCÉALTA EILE