Dáta breise i BÁC curtha le camchuairt KNEECAP

Tá dáta eile fógartha ag KNEECAP, an banna ceoil as Béal Feirste, dá gcamchuairt náisiúnta a bheidh ar siúl mí Feabhra na bliana seo chugainn. Tá seachtain ann inniu ó d’fhógair KNEECAP go mbeadh siad ag tabhairt cuairte ar na ceithre chúige, agus go gairid i ndiaidh do na ticéid a bheith ar fáil ar Eventbrite, díoladh gach aon cheann do ghig Bhaile Átha Cliath. 

Tá ticéid bhreise ar fáil inniu don dara hoíche in The Workman’s Club i mBaile Átha Cliath. Beidh KNEECAP ag casadh dhá oíche i ndiaidh a chéile, Dé Luain an 19 Feabhra agus De Máirt an 20 Feabhra i lár na hardchathrach. 

Tá an-éileamh i gcónaí ar na ticéid don ghig a bheidh ar siúl i gCathair na dTreabh níos luaithe an mhí chéanna agus beagnach gach ticéad don ghig sa Róisín Dubh díolta anois freisin.  

“Bhí muid iontach sásta nuair a chonaic muid an díol mór a bhí ar na ticéid do Bhaile Átha Cliath Dé Luain agus Dé Máirt. Níor chreid mé é nuair a díoladh achan ticéad Dé Céadaoin, níor shíl mé go ndéanfadh banna ceoil a bhíonn ag canadh i nGaeilge é sin. Is iad Gaillimh agus Muineachán an dá áit is mó anois a bhfuil díol ar na ticéid dóibh, agus ba cheart ticéad a cheannach go luath,” a dúirt Móglaí Bap le NÓS.

Tá os cionn leath na dticéad imithe don ghig in McKenna’s  Mhuineacháin ar an 8 Feabhra. 

Anuas ar an gcamchuairt náisiúnta, d’fhógair na ceoltóirí hip-hap go mbeidh siad ag casadh in The Empire Club Oíche Chinn Bhliana freisin mar chuid den cheiliúradh mór a dhéanfar sa gclub sin ar theacht na bliana úire. 

Tá ticéad ar fáil do gach gig ar Eventbrite anois agus tuilleadh eolais faoi na gigeanna éagsúla ar fáil ar leathanaigh KNEECAP ar na meáin shóisialta. 

8 Feabhra McKenna’s Bar  — Muineachán

9 Feabhra Connolly’s of Leap — Corcaigh

14 Feabhra Róisín Dubh — Gaillimh

19 Feabhra The Workman’s Club, Baile Átha Cliath

20 Feabhra   The Workman’s Club — Baile Átha Cliath (gach ticéad díolta)

21 Feabhra Pharmacia — Luimneach

28 Feabhra The Empire Club — Béal Feirste