Tá an tréimse sé bliana ó nochtadh fuaim uasal indie The xx caite ag Jamie Smith ag gluaiseacht leis ar chírín toinne de dhea-mhéin na meán.
Ar eisiúint gach singil nó mór-athmheascán uaidh (Adele, Radiohead, Florence & The Machine, Gil-Scott Heron) bíonn lútáil na gcriticeoirí chomh bodhraitheach gur ar éigean gur féidir an ceol féin a chlos.
Ach bímís ionraic faoi albam début Jamie xx: ní haon saothar aireagáin agus fionnachtana é In Colour.
In ionad saoi ag tabhairt a aghaidhe go dána ar stíleanna nua is é an rud a chloisfear ar In Colour ná ceardaí iléirimiúil a bhfuil éirithe leis an plána mín a chur ar chúinní géara ceol na gclub, idir UK hardcore (‘Gosh’, ‘Hold Tight’), UK garage (‘Sleep Sound’, ‘See Saw’) agus dancehall (‘Good Times’), agus é a mheascadh le heilimintí d’fhuaimeanna rare groove agus boogie na n-ochtóidí.
Ceol rince neamhurchóideach don slua indie, mar sin, agus sa mhéid sin ní féidir gan comparáid mhífhabharach a dhéanamh le Our Love le Caribou.
Is diail an pop-singil é ‘Loud Places’ le Romy (“I go to loud places, to search for someone, to be quiet with, who will take me home”) agus tá cleamhnas suailceach le clos ar ‘Sleep Sound’ idir stíl olanda indie Panda Bear agus buillí loinneartha garage Four Tet, ach is beag an tsineirgíocht a imríonn rianta In Colour ar a chéile.
Ní éiríonn le drumaí cruacha thar dhord-líne duairc ‘Obvs’ agus breacaireacht stiúideo neamhchríochnaithe ‘Just Saying’, ach is é an port dancehall ‘I Know There’s Gonna Be (Good Times)’, nach bhfuil ciall in aon chor leis i gcomhthéacs blas imníoch cumhach na n-amhrán eile, is mó a chuireann In Colour as riocht mar shaothar éisteachta.
Iarracht lagmheasartha.