Tá áthas ar NÓS tús a chur leis an gcéad bhabhta eile de ‘Amhrán na hAoine’ i gcomhar leis an gclár Rónán Beo @ 3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. As seo go ceann roinnt seachtainí beidh amhrán nua-scríofa Gaeilge á fhoilsiú anseo ar NÓS agus á chraoladh ar chlár Rónáin Mhic Aodha Bhuí tráthnóna Dé hAoine.
Cuirfidh muid tús leis an mbabhta seo leis an amhrán ‘Déan É’ ón mbanna ceoil Sruth na Maoile a thug leo an chraobh ag Gradaim Cheoil NÓS 2018 don amhrán nuachumtha is fearr. Bhuaigh Sruth na Maoile an deis an t-amhrán a thaifeadadh i stiúideo raidió de chuid RTÉ agus ba é an léiritheoir aitheanta ceoil, Ciarán Byrne, a rinne athmháistriú ar an traic. Craoladh an leagan nua den amhrán den chéad uair ar chlár Bhláthnaid Ní Chofaigh, Bláthnaid Libh, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo caite agus tá sé á chasadh ar sheinnliosta RTÉ 2FM ó shin.
Amhrán grá is ea é a bhfuil “teachtaireacht dhóchasach” le brath ann, dar le Muireann Ní Bhaoill, agus é i measc na gcéad amhrán atá cumtha ag an bhanna óg seo.
Ceathrar ceoltóirí ildánacha atá sa bhanna; Chloe Donnan, drumaí agus pianó; Muireann Ní Bhaoill, glór agus consairtín; Ciarán McManus, giotár; agus Séamus Ó Baoighill, fidil.
Mic léinn atá sa cheathrar ceolmhar seo a tháinig le chéile i mBéal Feirste anuraidh, áit a bhfuil siad ag tabhairt faoi chéim sa cheol. Labhair Muireann Ní Bhaoill le NÓS faoin amhrán.
1. Cad é cúlra an amhráin?
Comhoibriú a bhí san amhrán idir Ciarán agus mé féin. Tá leagan Béarla againn chomh maith. Cé go luímid go nádúrtha le ceol traidisiúnta na hÉireann agus na hAlban, sílim go bhfuil casadh comhaimseartha deas déanta againn ar an amhrán seo.
2. Luaigh tú go bhfuil teachtaireacht dhóchasach le brath san amhrán, inis dúinn faoi sin.
Amhrán grá atá ann ach ag an am céanna tarlóidh cibé rud atá in ainm tarlú. Más rud é go bhfuil sé i gceart, beidh sé! Níl rud ar bith docht daingin ag baint leis.
3. An bhfuil líne ar líne a thaitníonn leat?
“Ná bí buartha cén treo
Bainfimid ceann scríbe amach”
Liricí: Déan É
An áit a thiteann tú
An áit go bhfeiceann tú
Gach aon ní atá uait
Gach aon rud atá uait
Is chuile rud atá
Tá fiúntas leo
Mar gheall ar na rudaí le rá fós
Atá le rá fós
Beidh ‘fhios agat
amach anseo beidh siad
Má leanann tú do chroí
Curfá
Is fanfaidh mé ort
Mar is tú mo ghrá gheal
Is má thógann tú mo lámh is féidir dul sa tseans
Is má thógann tú mo lámh
Ná bí buartha cén treo
Cloisim na ceisteanna atá agat ort féin
Ach níl an todhchaí i bhfad i gcéin
Is chuile rud atá
Tá fiúntas leo
Mar gheall ar na rudaí le rá fós
Atá le rá fós
Beidh ‘fhios agat
amach anseo beidh siad
Má leanann tú do chroí
Curfá
Nuair a thitim síos
An dtiocfaidh tú i mo dhiaidh?
Fanfaidh mé ortsa má bhfanfaidh tú liom
Leanfaidh mé orm ag brionglóidí fútsa