Debo Band – Debo Band

Snagcheol Aetópach ar cheirníní Sub Pop, an lipéad ceoil freagrach as ceol grunge a chur ar an bhfód le síniú agus cothú grúpaí mar Nirvana, Soundgarden agus Mudhoney.

Cad atá ar siúl acu, an lipéad a bhfuil fathaigh mhóra indie-rac mar Fleet Foxes, Wolf Parade agus Dinosaur Jr fós ar na leabhair acu?

Tá freagra na ceiste sin le haimsiú siar ag tús na seachtóidí in Addis Ababa, príomhchathair na hAetóipe.

Is sa tréibhse úd a thit ‘Ré Órga’ cheol na hAetóipe amach, bláthú ollmhór ar cheol na tíre de dheasca fhís Mulatu Astatke, a bhí tar éis filleadh abhaile ó Choláiste Ceoil Berklee i mBostún.

An sprioc a bhí aige ná snagcheol Meiriceánach agus ceol Laidineach a chomhnascadh le scála peinteatonach a thíre dúchais, agus glór searbh an bhanna phráise a chaolú le húirlísí níos boige mar an giotár, an víbreafón agus an t-orgán.

An toradh air sin: roinnt den cheol is suntasaí agus is tarraingtí a ndearnadh taifead air sa 20ú aois.

Tháinig deireadh leis an Ré Órga i 1974 nuair a chuir coup d’etat an tImpire Haile Selassie as oifig ach, le hatheisiúint cheol na ré úid le blianta beaga anuas i bhfoirm na sraithe ‘Ethiopiques’, tá stádas idirnáisiúnta bainte amach ag Mulatu agus a chomhghleacaithe a chuireann ar chomhchéim le laochra móra an cheoil Afracaigh mar Fela Kuti agus Sunny King Ade iad.

Cé go bhfuil Mulatu Astatke fós beo agus fós gníomhach, táid siúd ann atá den tuairim go bhfuil an Debo Band ar an ionchollú comhaimseartha de cheol na Ré Órga.

Más fíor sin, is fíor leis gur cleamhnas nádúrtha é a bhfuil déanta idir Debo Band agus ceirníní Sub Pop i gcomhthéacs an bhlais láidir rac atá ar phoirt mar ‘Not Just A Song’ agus ‘Tenesh Kelbe Lay’.

Cé gur inimirceach Aetóipeach é ceannaire an ghrúpa Danny Mekonnon, tá an fhíric gur Meiriceánaigh iad formhór de bhaill eile an ghrúpa le clos go soiléir, an tionchar sin ag sileadh amach as na callairí ar an taifead seo.

Ní féidir riamh Ré Orga a athchruthú, ach tá pointí áirithe anseo – an ‘Akale Wube’ oirirc scaoilte mar shampla – nuair a chaitheann Debo Band seaicilí an bhuille 4/4 uathu agus tagann siad gar go maith dó.

SCÉALTA EILE