Kedr Livanskiy – Ariadna
Soitheach naofa an éisteora dhíograisigh cheoil é ceol ó phláinéad eile ar fad a chlos, ceol nach bhfuil tionchar ar bith ag ceol an chine dhaonna air.
Sin tuairim Richard D James, nó Aphex Twin mar is fearr aithne air.
Seans go bhfuil an ceart ag James.
Feictear dhom go bhfuil spiorad nuálach an cheoil leictreonaigh, agus ceol i gcoitinne, laghdaithe ó theacht an idirlín.
Fadó (más ‘fadó’ an aimsir roimh dheireadh na 90í) bhíodh cumadóirí ceoil ag saothrú leo is iad dall (bodhar, fiú) ar a raibh de cheol á léiriú ag treabh eile 100 míle síos an mótarbhealach uathu, gan caint ar léiritheoirí i dtíortha eile.
Aonaránú aoibhinn a bhí i gceist, a chabhraigh le leithéidí James, Squarepusher agus Global Communications a bhfís ghlan, neamhthruaillithe féin a fhorbairt.
Anois, le cabhair an idirlín, is féidir linn ar fad bheith inár saineolaithe ar fhuaim drill ‘n’ bass An Choirn nó ceol Gharnati na hAilgéire roimh am lóin, ach níl aon amhras ach go bhfuil sé níos deacra ar léiritheoirí a nglór féin a aimsiú.
An méid sin ráite, murach an t-idirlíon ní bheadh úinéirí an lipéid New Jersey-lonnaithe SM2, Mike Simonetti agus Mike Sniper, tar éis teacht ar cheol Kedr Livanskiy (Yana Kedrina a hainm ceart) as Moscó na Rúise de sheans ar Soundcloud.
Bheimís ar fad níos boichte dá bharr.
Saothar amh, gleoite leictrea-pop é Ariadna, atá ar an albam début is taitneamhaí atá cloiste go dtí seo i mbliana agam.
Ní foláir a rá nach aon nuálaí í Kedrina, ach bí cinnte gur cumadóir glanintinneach, croíúil í.
Deir sí gur éist sí le ceirníní Boards of Canada, Aphex Twin, Muslimgauze, Psychic TV agus Anthony Rother fad is a bhí Ariadna á thaifeadadh aici, agus tá sé le clos.
Luach Ariadna ná go raibh de shamhlaíocht agus de chumas ag Kedrina feidhm a bhaint as na foinsí inspioráide úda mar bhun-ábhar amhrán leitrea-pop taibhsiúil a lonnaíos ar na cluasa.
Léirithe ar shintéiseoirí na sean-ré mar an Juno 106 agus Roland SH 101, amhráin iad seo ó ógbhean ciaptha ag cuimhní.
Agus ní aon locht iad a bheith canta i Rúisis ach a mhalairt.
Uaireanta (‘Mermaid’) chuirfeadh ceol Kedrina stíl dream-pop gothach This Mortal Coil i gcuimhne duit.
Nuair a leagann sí séis shintéiseora i stíl an cheoil shoegaze anuas ar bhuile booty-bass ar an amhrán ‘Ariadna’ féin, ar nós nach faic in aon chor é, ní féidir gan misneach na mná a mholadh.
Tá spiorad luath-cheol techno na 90í, leithéidí Dave Angel agus Joey Beltram, go láidir in ionsaí stadach na gciombal troitheáin ar ‘Za Oknom Vesna’, agus tá electro searbh ach milis ‘Love & Cigarettes’ ina phléisiúr ceart.
Léiríonn an ‘Sad One’ uirlise, aimbiach gur féidir le Kedrina do mhealladh fiú agus a béal ina thost.
Má ta locht ar an albam seo is é go bhfuil cuid dos na hamhráin is deise (‘Fire and Water’ agus ‘Sunset’) le fáil ar an leagan vinile amháin, rud a thugann thar n-ais go dtí an saol roimh theacht an idirlínn sinn.
Téir isteach i siopa ceoil is aimsigh Ariadna, mar sin; an rud nach fiú a lorg, ní fiú a fháil.