Faoi dheireadh tá albam début Walking On Cars as Daingean Uí Chúis á sheoladh, agus cumhacht dhamanta margaíochta Virgin EMI lena ndroim acu.
Tuigtear go raibh Everything This Way réidh le heisiúint bliain ó shin (tá 5 cinn d’amhráin an albaim cloiste mar shingilí cheana againn), ach ós rud nach raibh ach scata beag scáinte de lucht leanúna thar lear ag Walking On Cars ag an am bheartaigh Virgin EMI an coscán a theannadh tamall.
Cúis fhrustrachais, gan dabht, do ghrúpa ceoil ar éirigh leis Olympia na príomhchathrach a líonadh faoi thrí in 2015, ach leis an bpróifíl idirnáisiúnta atá Walking On Cars tar éis saothrú idir an dá linn ní bheidh aon stop anois leo.
Fé mar a chanann Pa Sheehy, amhránaí carasmatach an ghrúpa, ar ‘Ship Goes Down’, “Well, it looks like it’s happening, they’re tying rockets to my shoestrings.”
Tá a fhios againn faoin dtráth seo cad lena féidir linn a bheith ag súil leis ó Walking On Cars, is níl aon chlaonadh ó chúrsa i gceist le Everything This Way.
Seo ceol indie-rac corraitheach, séiseach gan cháim i dtraidisiún Coldplay agus Snow Patrol.
Albam atá ag cur thar moill le singilí calabraithe go speisialta don raidió FM agus staideanna móra.
Liricí faoin ngrá atá teibí a ndóthain le gur féidir leis an éisteoir a shaol féin a shamhlú leo, crúcaí ceoil a impíonn ort do dhoirne a chur san aer.
Bíodh is go bhfuil tionchar an cheoil EDM le sonrú i rithimí ‘Always Be With You’, blas ceoil Ulrich Schnauss ar ghlór rósamhach sintéiseach ‘Love Backs Down’, agus go bhfuil sméideadh súile (knowing wink) do ‘No Diggity’ le Blackstreet i gceist le cantaireacht ‘Speeding Cars’, níl oiread agus amhrán anseo a ligeann príomhbhuanna an grúpa – glór bogchroíoch Pha Sheehy agus pianó Shorcha Durham – i ndearmad.
Ní mór dom admháil nach í stíl mhilis Walking On Cars, Coldplay et al mo chéad rogha féin go hiondúil, ach aithním capall ardfhola nuair a chastar ceann orm.
Seans, mar Dhuibhneach, go bhfuilim claonta (ba ghogamán Shorcha Durham le linn m’óige mé agus í ina leanbh – ní minic a dhúisigh sí, bail ó Dhia uirthi), ach tar éis Everything This Way a chlos beidh ionadh orm mura bhfuil Walking On Cars ar an ngrúpa Éireannach is mó – ach amháin U2 – ar an stáitse idirnáisiúnta faoi cheann bliana.
Beidh Walking on Cars i mbun ceoil ar an Late Late Show amárach, agus a bheas á chraoladh ag 9.35in ar RTÉ 1.