Delta Funktionen – Traces

Foireann róbat i mbun seandálaíochta ar phláinéad Mharsa. Nó spásárthaí eachtardhomhandach san aer os cionn phirimidí na Sean-Éigipte. Cuid de na físeanna intinne a spreagann Traces, albam début éachtach Niels Luinenburg na hÍsiltíre.

Ar nós The Black Dog i bhfad roimhe, éiríonn le Luinenburg ceol leictreonach a chumadh a bhfuil blas seanda agus todhchaíoch air san am céanna. Tírphictiúirí fuaime griothalacha ó spás taifeadta ar threalamh analógach deannachúil. Ceol leictreonach, croí daonna.

Mar a deir an fear féin, is toradh é Traces ar na blianta caite ag an gcumadóir ag tumadh go domhain in uiscí an cheoil leictreonaigh. Cinnte, tá meas Luinenburg ar house, techno, electro agus italo-disco soiléir sa taifead seo, ach ní baol dó bheith ina sclábhaí ag a chuid inspioráidí.

Ar nós Ukkonen na Fionlainne, a d’eisigh albam iontach sainiúil ag tús na bliana, níl Delta Funktionen sásta maireachtaint faoi scáth an zeitgeist.

Ceol rince 4/4 atá anseo, go bunúsach, ach léirithe leis an oiread díograise agus stáidiúlachta go n-éiríonn le Traces d’intinn a shuaitheadh chomh maith le go ghéaga.

Leagann ‘Target’ fuaimeanna dorcha díoscánacha anuas ar dhromchla de bhuillí gambacha techno sula dtagann na sreangáin lúbtha (á la ‘Inner City Life ‘ le Goldie) isteach leath slí tríd chun tú a sheoladh i dtreo na spéire. Déanann Luinenburg tréan-chiombail luath-cheoil acid-house Chicago a athlonnú go suíomh nua neamhshaolta ar ‘Utopia’, agus is cath le gunnaí léasair in easpa domhantharraingthe a shamhlófá leis an ‘Onkalo’ caoindéanta.

Agus an chuid is fearr á coimeád go dtí an deireadh ag Luinenburg, tá ‘On a Distant Journey’ ina iontas eipiciúil – cleamhnas torthúil idir italo-disco leithéidí Yello, acid-techno amh an Aphex Twin agus electro boilgearnach Drexiya a leanann ar aghaidh is ar aghaidh… is ar aghaidh!

Diamant garbh a éiríonn níos lonraí le gach éisteacht.

SCÉALTA EILE