Dhá amhrán Gaeilge sa Top 10!


Tá ‘Music Makers’, singil nua le Seo Linn, agus dán iomráiteach an Phiarsaigh ‘Mise Éire’, á cheol ag Sibéal Ní Chasaide, i measc na 10 n-amhrán atá ag barr chairteacha iTunes na hÉireann faoi láthair.

Is iad Seo Linn atá ag uimhir 1 lena n-amhrán dátheangach ‘Music Makers’ inniu, comhartha iontach dar le Stiofán Ó Fearail, príomhamhránaí an bhanna, go mbainfidh siad barr na gcairteacha Éireannacha amach ag deireadh na seachtaine.

“Tá sé an-dóchasach ach braitheann sé ar cé atá ag barr an liosta ag deireadh na seachtaine,” ar sé.

“Bhuail muid uimhir a haon aréir den chéad uair ach ní bheadh a fhios agat cad a tharlóidh idir seo agus sin.”

Music

Scóráil nuachumtha le Patrick Cassidy de dhán mór Phádraig Mhic Phiarais ‘Mise Éire’ atá buailte ag #8 faoi láthair, agus é á cheol go hálainn ag Sibéal Ní Chasaide, déagóir cumasach as Ráth Chairn Glas na Mí.

Chan Seo Linn agus Sibéal an dá amhrán mar chuid de cheolchoirm chomórtha 1916, Centenary, a craoladh ar RTÉ Luan Cásca agus a thuill moladh mór ón lucht féachana a bhí ag breathnú air sa bhaile.

1 lá agus 21 uair an chloig atá fágtha go dtí go bhfógrófar liosta oifigiúil na gcairteacha, agus seans maith ag amhráin Ghaeilge bheith ina measc den chéad uair le fada.

Ceannaímis an dá thraic anseo.


Focail: Mise Éire

Mise Éire:
Sine mé ná an Chailleach Bhéarra.

Mór mo ghlóir:
Mé a rug Cú Chulainn cróga.

Mór mo náire:
Mo chlann féin a dhíol a máthair.

Mór mo phian:
Bithnaimhde do mo shíorchiapadh.

Mór mo bhrón:
D’éag an dream inar chuireas dóchas.

Mise Éire:
Uaigní mé ná an Chailleach Bhéarra.


Léigí faoi ‘Music Makers’, agus éistigí leis, anseo.

SCÉALTA EILE