Dhá dhuais buaite ag Kneecap

Thóg na rapadóirí racánacha Kneecap dhá rannóg leo ag Gradaim NÓS 2018 i mBaile Átha Cliath aréir.

‘Físeán na Bliana’ agus ‘Nuíosach na Bliana’ an dá ghradam a bronnadh ar Mo Chara agus Móglaí Bap sular las siad an Sugar Club lena gcéad ghig bheo ag deireadh na hoíche.

Beidh áthas an domhain chomh maith ar an ghrúpa Sruth na Maoile a bhuaigh ‘Amhrán na Bliana’ dá dtiúin ‘Déan É’, a chloisfear anois amach anseo ar RTÉ 2FM.

Na laochra domhanda Kíla, a bhí ar an bhóthar 30 bliain anuraidh, a ghnóthaigh ‘Banna na Bliana’ agus ba é ‘Solas’ le Seo Linn a fuair ‘Albam na Bliana’.

Banna na Bliana, Kíla, ar ardán


Chuaigh an duais le haghaidh an albaim is fearr d’amhráin thraidisiúnta chuig Conamara agus Saileog Ní Cheannabháin agus is go Cúige Chonnacht a chuaigh an gradam don ealaín is fearr chomh maith, a bhuaigh Nocturnes as Sligeach.

Agus don dara bliain as a chéile bhuaigh Féile na Gealaí i Ráth Chairn ‘Féile na Bliana’ tar éis dóibh beagnach 30% a mhealladh de vótaí an phobail.

Róisín Seoighe i mbun ceoil sa Sugar Club


Ar bharr na ngradam féin bhí ceol beo den scoth ann ón ardán le IMLÉ ag cur tús faobhrach leis an oíche, Pádraig Jack agus Róisín Seoighe ag cur an tslua faoi gheasa, ansin bhuail fuaim mhór Abhainn Bheara agus Kíla an halla go spleodrach.

Craoladh an ócáid go léir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus bhí nuashonruithe beo ar na meáin shóisialta ó BLOC agus meáin eile le linn na hoíche.

IMLÉ faoi agallamh ag Sinéad Ní Uallacháin sa seomra glas


Comhghaireas mór leis na buaiteoirí agus leis na hainmnithe ar fad agus buíochas le gach duine a bhí i láthair – sa bheo nó ar aer – agus a chuidigh leis an oíche a chur le chéile.

Déanaimis é uilig arís ar an bhliain seo chugainn!


AMHRÁN NA BLIANA
Déan É – Sruth na Maoile

ALBAM NA BLIANA (NUACHEOL)
Solas – Seo Linn

ALBAM NA BLIANA (AMHRÁIN THRAIDISIÚNTA)
Roithleán – Saileog Ní Cheannabháin

FÍSEÁN NA BLIANA

C.E.A.R.T.A. – Kneecap

EALAÍN NA BLIANA
Duine de Chruach – Nocturnes

NUÍOSACH NA BLIANA

Kneecap

BANNA NA BLIANA
Kíla

FÉILE NA BLIANA
Féile na Gealaí

SCÉALTA EILE