Díséad an Chláir

Tá albam nuasheolta ag Síle Ní Ghadhra (fidil) agus Elaine Hogan (cruit) faoin teideal ‘The Shores of Lough Breda’, a dhéanann ceiliúradh ar oidhreacht cheoil Paddy O’Donoghue, laoch de chuid oirthear an Chláir.


Beirt bhan ón Chlár atá taobh thiar den eisiúint álainn seo a chuireann foinn cumtha ag fear na Tulaí, Paddy O’Donoghue, i láthair go hanamúil ar an fhidil agus ar an chruit.

Cuireadh síol an albaim úrnua seo ar chéad-chasadh dóibh roinnt blianta ó shin nuair a bhí siad fostaithe mar cheoltóirí ag Caisleán Bhun Raite.

Ag labhairt di le NÓS dúirt an fidléir Síle Ní Ghadhra go ndeachaigh tionlacan Elaine ar an chruit go mór i bhfeidhm uirthi agus go raibh sé “an-éagsúil” ó aon rud a chuala sí roimhe.

“Ní bhaineann sé leis an mbarra amháin, tá tuiscint aici ar gach nóta,” ar sí.

“Tá stíl tiomanta rithimiúil ag Elaine a luíonn go han-mhaith le mo chuid stíle féin.”

Ba le linn na tréimhse torthúla sin i mBun Raite a thosaigh siad ag fiosrú agus ag tochailt i stór O’Donoghue, ar dhuine de mhórchumadóirí an chontae é.

“Chuir muid an-obair isteach ó thaobh an taighde, an athchóirithe agus an chleachtaidh de agus ba chéim nádúrtha chun tosaigh é dul chun taifid,” a dúirt bean Bhaile na Caillí.

Albam shores

‘The Shores of Lough Breda’, is ea rianteideal an albaim, ríl a chuir ag smaoineamh iad faoi albam a dhéanamh an chéad lá.

Sa leabhrán atá ag gabháil leis an cheirnín, tá tagairtí déanta do chúlra na dtiúineanna agus eolas faoi Paddy féin.

Tugtar le fios sna nótaí gur chuala Síle an ríl áirithe á chasadh ag Paddy, a sheinn an fheadóg mhór agus an fhidil, agus é i mbun ceoil ag seisiún Thigh Uí Dhálaigh, gar dá cheantar dúchais, Baile na hInse, Co. an Chláir.

Chomh maith leis sin, tá corr-thiúin eile le cloisteáil ar an albam taobh amuigh de bhailiúcháin O’Donoghue, mar atá ‘The Humours of Carrigaholt’ agus ‘Andy McGanns No.1’.

I dteannta Shíle agus Elaine, tá Cyril O’Donoghue, mac le Paddy, ar seinnteoir aitheanta basúcaí é féin, chomh maith le fear an bhodhráin ghasta John Joe Kelly.

Tá cuid mhaith de na tiúineanna ar The Shores of Lough Breda ar fáil i gcnuasach O’Donoghue Ceol an Chláir, a d’fhoilsigh Cois na hAbhna roinnt blianta ó shin.

Beidh Elaine agus Síle ag seoladh a n-albaim úir, (a bhfuil fáil air ó shiopa ceoil Custy’s) in Ionad Ealaíon Naomh Eoin, Lios Tuathail, Co. Chiarraí Dé Sathairn, 5 Nollaig, ag 8in.

Tuilleadh eolais anseo.

Bainigí sult as rian #1 ón albam!

SCÉALTA EILE